Joe Locke
Is aisteoir é Joseph William Locke as Oileán Mhanann. Rugadh ar an 24ú Meán Fhómhair 2003 é. Tá cáil aige tar éis príomhpháirt a bheith aige mar Charlie Spring sa sraith Heartstopper ar Netflix.[1]
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Joseph William Locke 24 Meán Fómhair 2003 20 bliana d'aois Dúglas, Oileán Mhanann ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ballakermeen High School (en) ![]() ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, aisteoir teilifíse ![]() |
Tréimhse oibre | 2020 – |
Teangacha | Béarla agus Gaeilge Mhanann |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Gradam a fuarthas
| |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Gairm
Ghlac sé páirt sna National Theatre Connections i 2020, chomh maith le léirithe san amharclann Gaiety agus le grúpa óg an ionad ealaíne Kensington.
I mí Aibreáin 2021, fógraíodh go raibh Locke mar an bpríomhpháirt de Charlie Spring sa sraith Heartstopper ar Netflix. Cóiriú is ea é ar úrscéal grafach den ainm céanna le hAlice Oseman.[2] Roghnaíodh é as 10,000 aisteoirí eile tar éis trialach aisteoireachta.[3] Rinne sé páirt dalta 14-15 bhliana d'aois i scoil ghramadaí bhuachaillí.
I mí na Samhna 2022, fógraíodh go raibh sé ag glacadh páirte sa sraith Agatha: Coven of Chaos le Marvel Studios ar Disney+.[4]
Saol pearsanta
Rugadh Joseph William Locke ar 24 Meán Fómhair 2003. D’fhás sé aníos i nDúglas, Oileán Mhanann. D’fhreastail sé ar Ardscoil Ballakermeen. Rinne sé staidéar sa pholaitíocht, sa stair agus sa Bhéarla don A-Leibhéal.
Tháinig sé amach mar duine aerach ar Instagram nuair a bhí sé 12 bhliana d'aois. D'inis sé lena mháthair é freisin. Thuig sé nach raibh sé reidh teacht amach don domhan, de bharr scrios sé an phostáil agus níor tháinig sé amach arís go dtí go raibh 15 bhliana d'aois aige.[5]
Scannánliosta
Teilifís
Bliain | Teideal | Páirt | Nótaí |
---|---|---|---|
2022- | Heartstopper | Charlie Spring | Príomhpháirt |
2024 | Agatha: Coven of Chaos | LE FÓGAIRT |
Amharclann
Bliain | Teideal | Páirt | Láthair |
---|---|---|---|
2022 | The Trials | Noah | Donmar Warehouse |
Gradaim
Bliain | Gradam | Catagóir | Toradh |
---|---|---|---|
2022 | Children's and Family Emmy Awards | Outstanding Lead Performance | Ainmniúchán |
2022 | National Television Awards | Rising Star | Ainmniúchán |
2023 | Queerty Awards | Performance – TV | Buaite |
2023 | WhatsOnStage Awards | Best Professional Debut Performance | Buaite |
Tagairtí
- O'Connor, Rachael (2021-04-21). "Who is in the cast of Netflix’s Heartstopper?". Metro. Dáta rochtana: 2023-08-13.
- Stroude, Will (2021-04-22). "Heartstopper: Kit Connor and Joe Locke to star in Netflix adaption of gay graphic novel". Attitude. Dáta rochtana: 2023-08-13.
- "Joe Locke". 1883 Magazine. Dáta rochtana: 2023-08-13.
- Otterson, Joe (2022-11-01). "‘Heartstopper’ Star Joe Locke Joins ‘WandaVision’ Spinoff ‘Agatha: Coven of Chaos’ for Disney+ (EXCLUSIVE)". Variety. Dáta rochtana: 2023-08-13.
- Erik Piepenburg (2023-07-29). "They Put the Heart in ‘Heartstopper’" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2023-08-13.