Joe Biden
Is é Joseph Robinette “Joe” Biden, Jr., a rugadh ar 20 Samhain 1942, 46ú hUachtarán na Stát Aontaithe.
Óige agus oiliúint
Rugadh Biden in Scranton, Pennsylvania. Bhog seisean agus a theaghlach go Delaware sa bhliain 1953 agus é 10 mbliana d'aois. Is de shliocht Éireannach é ar thaobh a mháthar (a rugadh de mhuintir Uí Fhinneagáin) agus de shliocht Éireannach, Sasanach agus Úgónach ar thaobh a athar. Caitlicigh iad na Bidens.
Rinne sé staidéar ag Ollscoil Delaware (B.A. i stair agus eolaíocht pholaitiúil, 1965) agus ina dhiaidh sin bhain sé céim dlí (Juris Doctor) amach ó Ollscoil Syracuse i Stát Nua-Eabhrac sa bhliain 1968.[1]. Tá stad ina chuid cainte a bhfuil a rian air inniu féin.
Ba chineál nós le Biden ariamh a bheith místuama leis an bhfoclaíocht. Cinnte níor fhág sin nach fear an-mheabhrach a bheadh ann.[2]
Gairmréim
Bhí Biden ina sheanadóir ar son Delaware ón bhliain 1973 ar aghaidh leis an bPáirtí Daonlathach.
Bhí sé ina leasuachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá faoin uachtarán Barack Obama (2009–2017). Is mór an taithí agus eolas a bhfuair sé le linn na tréimhse seo sa réim gnóthaí eachtracha go háirithe.
Toghchán uachtaránachta, 2020
Fuair Biden an bua ar Donald Trump sa toghchán uachtaránachta ar an 3ú Samhain 2020.[3]
Thug Trump agus muintir Trump óráidí inar mhaígh siad gur toghchán calaoiseach a bhí i dtoghchán na Samhna 2020, maíomh bréige.
Rinne drong de lucht tacaíochta Donald Trump, ruathar ar Chaipeatól na Stát Aontaithe in Washington D.C. ar 6 Eanáir 2021.
Táinsíodh Teach na nIonadaithe an 45ú uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump don dara huair ar 13 Eanáir, 2021, seachtain amháin sular tháinig deireadh lena théarma agus insealbhú Joe Biden mar uachtarán ar an 20 Eanáir.
Uachtarán
Ba ar Biden a bhí an tóir san Earrach agus pleananna eacnamaíochta agus infreastruchtúir a bhfuil na céadta billiún dollar luaite leo á bhfógairt aige.[4]
Geilleagar
D’éirigh le Biden mar uachtarán na billiúin a fháil chun aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim Covid-19 agus chun feabhas a chur ar infreastruchtúr na tíre.[5]
Ar 17 Lúnasa 2022, chuir Joe Biden,̟ Uachtarán na Stát Aontaithe, a lámh leis an tAcht Laghdaithe Boilsciú, 2022 (the Inflation Reduction Act), an dlí "is suntasaí ar son na haeráide dár reachtaíodh riamh i stair Mheiriceá" go dtí an pointe seo.[6][7][8]
- Le linn 2023, bhí an ráta dífhostaíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag an leibhéal is ísle ó 1969 ach bhí an ráta boilscithe níos airde ná mar a bhí aon uair le 40 bliain.[5]
Gnóthaí eachtracha
D’imigh cuid den loinnir dá uachtaránacht i mí Lúnasa 2021 nuair a rinne an Talaban athghabháil ar Chabúl agus ar an gcuid eile den Afganastáin tar éis d’fhórsaí armtha SAM tarraingt siar as an tír sin tar éis 20 bliain – rud a d’fhág an Afganastáin ina deachtóireacht reiligiúnach arís nach mór thar oíche.[4]
- Thug Joe Biden cuairt ar Éirinn sa bhliain 2023.
Feachtas 2024
Ar 25 Aibreán 2023, bhí sé dearbhaithe ag Biden go mbeadh sé ina iarrthóir arís ar son an Pháirtí Dhaonlathaigh sa chéad toghchán uachtaránachta eile in 2024.
80 bliain d'aois a bhí sé ag an am (agus bheadh sé 85 nuair a bheadh a théarma críochnaithe aige sa Teach Bán dá n-éireodh leis), Ní raibh ach 39% de phobal Mheiriceá sásta leis, de réir suirbhé a foilsíodh sé lá roimhe. I suirbhé eile, tugadh le fios i go raibh an aois mhór a bhí aige ar cheann de na fáthanna nach gcreideann ach duine as gach ceathrar gur cheart dó seasamh arís.[9][5]
Fear éidreoir agus fear dearmadach é Biden, de réir an chuntais a thug an t-abhcóide speisialta, Robert Hur.[2] [10]
Féach freisin
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- "A timeline of U.S. Sen. Joe Biden's life and career". San Francisco Chronicle. Associated Press. August 23, 2008. Dáta rochtana, 14 Meán Fómhair 2022
- Máirtín Ó Catháin (15 Feabhra 2024). "Dá mbeadh tarbh le coilleadh nó amhrán sean-nóis le casadh ag Joe Biden…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-15.
- "Joe Biden elected president". CNN.
- Alex Hijmans (27 Nollaig 2021). "Aibítir na Gréigise á múineadh ag an gcoróinvíreas dúinn agus an domhan ag dó leis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-10.
- "‘Críochnaímis an jab’ – fógra oifigiúil déanta ag Biden go mbeidh sé sa rás don Teach Bán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-25.
- Nandita Bose, Steve Holland (2022-08-17). "Biden signs inflation act, hands pen to Manchin" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2022-08-23.
- "The Inflation Reduction Act is a strong step towards clean energy" (en). World Economic Forum. Dáta rochtana: 2022-08-23.
- Carlos Martín (2022-08-22). "The Inflation Reduction Act will reduce household energy insecurity—but it could do more" (en-US). Brookings. Dáta rochtana: 2022-08-23.
- Nuacht RTÉ (2023-04-25). "Biden le seasamh sa chéad toghchán uachtaránachta eile in 2024" (as ga).
- "Biden angrily pushes back at special counsel's report that questioned his memory, handling of docs" (en). AP News (2024-02-08). Dáta rochtana: 2024-02-16.