Joan Freeman
Is síceolaí agus iar-Seanadóir Éireannach í Joan Freeman (rugadh 2 Aibreán 1958). Bhunaigh sí an carthanas "Pieta House" (ionad éigeandála d’fhéindochar agus féinmharú), ach d'éirigh sí as i 2014.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Joan Lowe 2 Aibreán 1958 65 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire ![]() |
Seanadóir na hÉireann | |
8 Meitheamh 2016 – Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann Toghcheantar: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann ![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Ollscoil Oscailte ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, síceolaí ![]() |
Ball de pháirtí polaitíochta | polaiteoir neamhspleách ![]() |
Teaghlach | |
Siblín | Theresa Lowe |
Sheas sí sa Toghchán Uachtaránachta na hÉireann 2018.
Gairm
Carthanas
Thosaigh Joan Freeman an eagraíocht Pieta sa bhliain 2006 i Leamhcán i mBaile Átha Cliath toisc nach raibh mórán seirbhísí ar fáil ag an am le féinmharú a chosc.
Seanadóir
Sa bhliain 2016, roghnaigh an Taoiseach ag an am Éanna Ó Coinnigh, Freeman chun bheith ina Seanadóir.

Toghchán Uachtaránachta na hÉireann 2018
Sheas Freeman don Toghchán Uachtaránachta na hÉireann 2018. Fuair sí ceithre ainmniúchán ag na comhairle: Cathair Chorcaí, Fine Gall, Contae na Gaillimhe, Cathair na Gaillimhe.Tháinig sí sa chúigiú háit sa toghchán le 87,908 vótaí agus 6.0% de na vótaí sa chéad chomhaireamh.