Jeffrey Donaldson
Is polaiteoir de chuid Thuaisceart Éireann é Jeffrey Mark Donaldson (a rugadh ar an 7 Nollaig 1962). Tá sé ina fheisire parlaiminte do thoghcheantar Ghleann an Lagáin ó 1997.
Bhí sé mar cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh ó 2021 go 2024, nuair a d'éirigh sé as.
Luaitear Donaldson le heite mheasartha an pháirtí (an eite lenar bhain Arlene Foster chomh maith).
Saol
As Cill Chaoil i gcontae an Dúin é Donaldson.
Ba chol ceathrar leis, Samuel Donaldson, an chéad phóilín a maraíodh i bpléasc de chuid an IRA le linn na dTrioblóidí.[1] Labhair sé féin cheana faoin tubaiste sin agus dúirt gurbh é an marú sin a spreag é le dul leis an bpolaitíocht.
Sé bliana déag a bhí sé nuair a lean nós a mhuintire agus ghlac ballraíocht san Ord Oráisteach agus ina dhiaidh sin chuaigh sé isteach i Reisimint Chosanta Uladh (UDR), mar a rinne a athair roimhe.
Bhí Donaldson ina ghníomhaire toghlaigh ag an bhfeisire Enoch Powell ó 1983 go 1985.
UUP
Chuaigh Donaldson isteach le Páirtí Aontachtach Uladh (UUP) agus é ina fhear óg.
Bhí Donaldson ina ghníomhaire toghlaigh ag an bhfeisire Enoch Powell ó 1983 go 1985, polaiteoir Sasanach agus sean-chaomhach frith-inimirce a bhí i bhfad amach ar an eite dheis, .[2]
Ní raibh sé ach 22 bliain d’aois nuair a toghadh é i bhfothoghchán chun an Tionóil in Stormont i 1985, an duine ab óige riamh a fuair suíochán ansin.[1]
Dúirt Donaldson go bhfuil seisean beo inniu, a bhuíochas do ghníomhaire (Donald Donaldson b'fhéidir) a thug foláireamh dó faoi ionsaí a bhí beartaithe air.[3]
I mí Bealtaine 1997, bhí sé tofa don chéad uair mar theachta parlaiminte (Westminster) do Gleann an Lagáin.
Bhí aighneas idir é féin agus ceannaire a pháirtí, David Trimble faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998 agus shiúil sé amach ó chainteanna na síochána mar nár aontaigh sé gur cheart príosúnaigh phoblachtacha agus aontachtacha a shaoradh sula raibh a dtéarma príosúin déanta acu.
DUP
In 2003, d’fhág Donaldson, Arlene Foster agus Norah Beare an UUP agus ghlac sé ballraíocht sa DUP in Eanáir 2004.
Rinne Banríon Eilís Shasana ridire de Donaldson in 2016 mar aitheantas ar a chuid oibre i saol na polaitíochta. Bhí sé ina phríomhaoire agus ina urlabhraí ar an gcosaint agus ar chúrsaí gnó ag an DUP in Westminster.[1]

I mí an Mheithimh 2021, bhí Donaldson ceaptha ina cheannaire ar an DUP. Ceapadh é gan toghchán mar nach raibh aon iarrthóir eile ann.
Tháinig Donaldson i gcomharbacht ar Edwin Poots a d'éirigh as mar cheannaire an DUP.[4] Bhí rún ag an am ag Donaldson éirí as a shuíochán in Westminster le bheith ina cheannaire ar an DUP in Stormont.[1]
Conspóid agus éirí as
D'éirigh Donaldson as an cheannaireacht ar an 29 Márta 2024 nuair a chúisíodh é i gcionta gnéis. Bhí bean 57 bliain d'aois cúisithe maidir leis na cionta céanna. Ghabh bleachtairí de chuid Sheirbhísí Póilíneachta Thuaisceart Éireann an bheirt ar an 28 Márta.[5]
Shéan Donaldson na "líomhaintí stairiúla" ina aghaidh go láidir. Chuir Donaldson na cuntais go léir atá aige ar na meáin shóisialta ar ceal.[6] Chuaigh sé go dtí Londain ar an lá céanna.[7]
Bhí ballraíocht Donaldson sa DUP curtha ar fionraí láithreach bonn. Ceapadh leascheannaire an pháirtí, Gavin Robinson, mar cheannaire eatramhach.[5]
Polasaithe agus tuairimí
Gaeilge
In 2019 dúirt Donaldson nach bhfuil rud ar bith i gcoinne na Gaeilge ag an DUP. Dúirt sé gur choinnigh Preispitéirigh an teanga beo nuair a bhí sí i mbaol báis.
Ach mhaígh Donaldson sa bhliain 2019 go mbeadh veto ag an DUP maidir leis na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfí ar fáil don phobal faoi aon reachtaíocht teanga a thabharfaí isteach mar chuid de mhargadh Stormont.[1]
Breatimeacht
Dúirt Donaldson i mí an Mheithimh 2021 gurb é an prótacal faoi Mhuir Éireann an bhagairt is mó ag an am do Thuaisceart Éireann.[8]
Féach freisin
Tagairtí
- "Jeffrey Donaldson dearbhaithe ina cheannaire ar an DUP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-24.
- "Jeffrey Donaldson dearbhaithe ina cheannaire ar an DUP" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-06-22). Dáta rochtana: 2024-03-31.
- Póilín Ní Chiaráin (25 Meán Fómhair 2016). "An bhfuil aon bhunús le maíomh na ‘spiairí’ gurbh iadsan a thug ar an IRA éirí as an bhforéigean?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-20.
- Nuacht RTÉ (2021-06-22). "Jeffrey Donaldson ceaptha ina cheannaire ar an DUP" (as ga).
- Nuacht RTÉ (2024-03-29). "Ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson cúisithe i gcionta gnéis" (as ga-IE).
- "Jeffrey Donaldson éirithe as an DUP agus é cúisithe as líomhaintí gnéis" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-29). Dáta rochtana: 2024-03-29.
- "Jeffrey Donaldson resigns as DUP leader and suspended by Orange Order after historical sex offence charges" (en-GB). BelfastTelegraph.co.uk (2024-03-29). Dáta rochtana: 2024-03-29.
- Nuacht RTÉ (2021-06-21). "Donaldson ag cur a ainm chun cinn do cheannaireacht an DUP" (as ga).