Jean le Rond d'Alembert
Matamaiticeoir is fealsamh a saolaíodh i bPáras ab ea Jean le Rond d'Alembert (16 Samhain 1717 – 29 Deireadh Fómhair 1783). Rinne sé staidéar ar dhlí, míochaine is matamaitic. D'fhoilsigh sé Traité de dynamique (Tráchtas ar Dhinimic, 1743), ag cur dinimic Newton i bhfoirm mhatamaiticiúil is ag forbairt a phrionsabal maidir le cothromaíocht. Ba é an príomhchomhoibritheoir le Denis Diderot i 1751-1758 ar an Encyclopédie (Ciclipéid) ar foilsíodh 36 imleabhar de faoi 1776, foilseachán bunúsach d'Aois na Tuisceana san 18ú céad sa bhFrainc.[1]
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Jean le Rond d'Alembert". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 31.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.