Jaime Saenz
File, úrscéalaí, gearrscéalaí agus as an Bholaiv ab ea Jaime Sáenz Guzmán (16 Lúnasa, 1986 29 Deireadh Fómhair, 1921). Tháinig sé chun saoil i gcathair La Paz, agus is ann a mhair sé ar feadh a shaoil ar fad, agus an bhí tionchar cumhachtach ag topagrafaíocht gharbh agus aeráid ghéar na cathrach Aindéisí ar go leor dá shaothar. Feictear roinnt cosúlachtaí idir a chuid filíochta agus filíocht osréalaíocha, cé go bhfuil a chuid filíochta uathúil agus mar sin ábhairín deachair le rangú. I rith a shaoil, bhí ar Sáenz bheith ag streachailt leis an alcólachas, agus is minic a scríobh sé faoin streachailt sin ina dhánta. Dá réir sin, breathnaítear air go minic mar saghas poète maudit, nó "file mallaithe". Bhí Sáenz déghnéasach go hoscailte agus gan náire.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 29 Deireadh Fómhair 1921 La Paz, An Bholaiv ![]() |
Bás | 16 Lúnasa 1986 64 bliana d'aois La Paz, An Bholaiv ![]() |
Áit adhlactha | Cementerio General de La Paz ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir, iriseoir ![]() |
Teangacha | An Spáinnis |
Síniú ![]() | |
![]() ![]() |