Isaac Newton
Fisiceoir agus matamaiticeoir Sasanach ab ea an Ridire Isaac Newton (4 Eanáir, 1643 - 31 Márta, 1727), a rugadh i Woolsthorpe.[1] Bhí sé ar dhuine de na heolaithe ba thábhachtaí ar domhan.[2]
Tháinig sé na prionsabail is bun le gluaisní réad ar domhan is na reanna spéire. Chuir na dlíthe a nocht sé sa saothar seo bonn faoi dhul chun cinn na fisice is na meicnice go dtí an lá atá anois ann.
Mhínigh a chuid dlíthe, ar nós dlíthe na gluaiseachta is dlí na himtharraingthe, fithis na reann timpeall na gréine agus fithis na Gealaí timpeall an domhain.
Cheap Newton agus Leibniz an mionchalcalas timpeall an ama céanna agus go neamhspleách ar a chéile.
Saothar
D'fhoilsigh Newton a mhórshaothar Philosophiae Naturalis Principia Mathematica ("Prionsabail Mhatamaiticiúla na Fealsúnachta Aiceanta") sa bhliain 1687. Sa leabhar seo, thosaigh sé leis na coincheapanna bunúsacha mais móiminteam, luasghéarú is fórsa, na trí bhundlí gluaisne, agus dlí na himtharraingthe, chun cur síos go cuimsitheach ar ghluaisne na bpláinéad is na réalta agus gluaisne réad ar domhan.
Leis na huirlisí seo, mhínigh sé fithisí na bpláinéad is na ngealach, gluaisne na gcóiméad, gluaisne réada atá ag titim faoi dhomhantarraingt, meáchan, na taoidí, agus fiú boilsc an domhain ag an meánchiorcal.
Thaispeáin sé den chéad uair go bhfuil an fórsa imtharraingthe díreach i gcomhréir le hiolrú an dá mhais is i gcomhréir inbhéartach leis an bhfad eatarthu ceamaithe.
Chun a smaointe a láimhseáil go matamaiticiúil, d'fhionn sé an calcalas difreálach. D'oibrigh sé amach conas a shuimíonn dathanna chun dath bán a chumadh, agus thaispeáin an feiniméan seo le priosma.
Bhí a shaothar bunaithe ar shaothar is fionnachtana a réamhtheachtaithe Copernicus, Kepler is Galileo Galilei.
Mar a dúirt sé féin, "Más rud é go bhfaca mé níos faide, rinneas é trí sheasamh ar ghuaillí fathach."
Dlí na himtharraingthe agus an úllord
Deir scéal go raibh Newton ina shuí in úllord lá amháin agus go bhfaca sé úll ag titim go talamh.[3] Thosaigh sé ag smaoineamh ar an bhfáth a dtitfeadh rudaí. Shocraigh sé go raibh fórsa dofheicthe ag an domhan agus ag an úll a tharraing rudaí eile chucu.
Bhí fórsa an Domhain ábalta an t-úll a tharraingt go talamh toisc go raibh an domhan chomh mór sin agus go raibh fórsa an Domhain i bhfad níos cumhachtaí ná fórsa an úill. Ní raibh fórsa an úill láidir go leor chun an domhan a tharraingt chuige. Tugaimid domhantarraingt mar ainm ar an bhfórsa seo a bhíonn thart ar rudaí
Tionchar
Lean coincheapanna Newton mar chroílár na heolaíochta ar feadh 300 bliain. Nuair a leasaigh Einstein iad, ní treascairt a bhí i gceist ach teoiricí comhlántacha, chun a dtarlaíonn i ngluaisne na gcáithníní fo-adarnhacha is gluaisní ag luasanna atá gar do luas an tsolais, a mhíniu.
Saol
Fuair Newton bás "ina chodladh" ar an 31 Márta 1727. Tá sé curtha in Abteach Westminster.
Féach freisin
Tagairtí
- "Biography of Isaac Newton" (Béarla). Dictionary of Scientific Biography. Dáta rochtana: 2008-11-28.
- Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
- cogg.ie (Aibreán 2010). "Eureka 6-22". Dáta rochtana: 2021.
Íomhánna
- Newton (1702)
- Principia (a eagrán féin)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |