Is Eolaí Mé
Is sraith eolaíochta do dhaoine óga í Is Eolaí Mé ar TG4. Cuirfear tús le craoladh an chláir i sceideal an Fhómhair 2016. Cuireann Peadar, an tOllamh Ullamh, agus an cúntóir Aodh an clár i láthair. Bíonn téama i gceist i ngach clár agus bíonn siad ag iarraidh rudaí a fhiosrú.
Tír | Éire |
---|---|
Bealach teilifíse | TG4 |
Tuilleadh eolais | |
![]() ![]() | |
Tugann “Is Eolaí Mé” léargas físiúil agus taitneamhach ar an eolaíocht agus ar an timpeallacht[1]. Tá rannpháirtíocht ó dhaoine óga agus iad ag baint triail as turgnaimheolaíochta agus ag tabhairt cuairte ar ionaid eolaíochta ar nós Réadlann na Dúcharraige, W5 Béal Feirste, Caisleán Bhiorra agus Tochailt Seandálaíochta i mBaile Átha Troim. Tosaíonn gach clár sa saotharlann, Aladdin’s cave na heolaíochta, áit a gcuireann an láithreoir Peadar, téama an lae faoi bhráid an lucht féachana.
Ar an suíomh TG4.ie[2], tá cur síos ar thurgnaimh is féidir a thriail sa bhaile freisin. Chomh maith leis na treoracha, tugann na laithreoirí míniú ar an gcúis ar tharla rud éigin sa turgnamh.
Léirigh an comhlacht Meangadh Fíbín an clár,
Tagairtí
![]() | Is síol teilifíse é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |