Ionsaithe ar 13 Samhain 2015 i bPáras
Maraíodh 130 duine in ionsaithe sceimhlitheoireachta i bPáras ar oíche Aoine an 13 Samhain 2015, an eachtra sceimhlitheoireachta ba mheasa san Eoraip ó maraíodh 192 duine i mbuamáil traenach Mhaidrid sa bhliain 2004.
| |||||
Cineál | coordinated terrorist attack (en) | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | sceimhlitheoireacht sa Fhrainc agus sceimhlitheoireacht Ioslamach sa Eoraip | ||||
Dáta na bliana | 13 Samhain 2015 | ||||
Suíomh | Bataclan, An Fhrainc (en) Stade de France, An Fhrainc rue Bichat, An Fhrainc rue de la Fontaine-au-Roi, An Fhrainc La Belle Équipe, An Fhrainc boulevard Voltaire, An Fhrainc Le Petit Cambodge, An Fhrainc , Páras, An Fhrainc Saint-Denis, Seine-Saint-Denis, An Fhrainc | ||||
Tír | an Fhrainc | ||||
Rannpháirtí | |||||
Sprioc | sibhialtach | ||||
Cúis | antoisceachas Ioslamach foreign involvement in the Syrian civil war (en) | ||||
Ba chúis leis | 2015 Saint-Denis raid (en) | ||||
Líon básanna | 137 | ||||
Líon gortaithe | 413 | ||||
Arm | AKM (en) Gránáid explosive belt (en) | ||||
Meán cumarsáide | |||||
Ionsaithe
2. Scaoileadh marfach
Maraíodh tuairim is 40 sna ionsaithe ag bialanna sa chathair (Rue Bichat, Rue Alibert, Rue de la Fontaine-au-Roi, Rue de Charonne, agus Boulevard Voltaire):
· 19 ag La Belle Equipe, bialann san 11ú arrondissement
· 12-14 ag beár Le Carillon, sa mbialann Le Petit Cambodge sa 10ú arrondissement
· 5 ag La Casa Nostra san 11ú arrondissement
3. Sléacht Bataclan
Maraíodh 90 duine san eachtra uafáis, a bhí ag freastal ar cheolchoirm sa Bataclan ar 13ú Samhain, tar éis do 4 ionsaitheoirí a bhí armtha agus a raibh ábhar pléascach acu breis agus 100 duine a thógáil ina ngialla ansiúd. 15 a maraíodh ar dtús báire. Ach rinne fórsaí slándála ruathar ar an amharclann agus. Chualathas rois mhór urchair agus pléascáin ann. Mhaidhm na gunnadóirí na criosanna pléascán a bhí orthu nuair a tharla sin. Ansin chaith na hionsaitheoirí urchair agus ábhar pléasctha leis na gialla[1].
Toradh
Bhí daoine ó thíortha éagsúla ar fud an domhain i measc na marbh, roinnt mhac léinn ina measc.. Gortaíodh Éireannach amháin sna h-ionsaithe.
Ceantair faiseanta anamúla iad an 10ú agus an 11ú arrondissement, mar a mbíonn na caiféanna agus na bialanna plódaithe tráthnóna Dé hAoine. Bailíonn daoine óga anseo chun tús a chur leis an deireadh seachtaine, gliondar orthu agus iad ag gáirí agus ag cabaireacht.[2]
Náisiúntacht | Básanna |
---|---|
An Fhrainc | 99 |
An tSile | 3 |
An Spáinn | 3 |
An Ailgéir | 2 |
An Bheilg | 2 |
An Éigipt | 2 |
Meicsiceo | 2 |
An Phortaingéil | 2 |
An Rómáin | 2 |
An Túinéis | 2 |
An Fhrainc/ An Rúis | 1 |
An Fhrainc/ Buircíne Fasó | 1 |
An Fhrainc/ An Ailgéir | 1 |
An Ghearmáin | 1 |
An Airméin | 1 |
An Iodáil | 1 |
Maracó | 1 |
An tSualainn | 1 |
An Ríocht Aontaithe | 1 |
Stáit Aontaithe/ Meicsiceo | 1 |
Iomlán | 130 |
Na sceimhlitheoirí
Bhí ráiteas eisithe ag an eagraíocht Stáit Ioslamach ISIS ag rá gurb iad a bhí freagrach as na h-ionsaithe a tharla i bPáras. Dúirt an ráiteas go mbeadh an Fhrainc ina thargaid acu chomh fada is a lean an tír sin ar aghaidh ag déanamh ionsaithe aeir ar chríocha a bhí gafa ag ISIS agus ag maslú an Fáidh Mohammed.
Bhí triúr ionsaitheoirí aitheanta ina saoránaigh de chuid na Fraince.[3] Creidtear gurb é Salah Abdeslam, 26 bliain d'aois, an t-aon duine den ghrúpa mílisteach a rinne na hionsaithe ar éirigh leis na cosa a thabhairt leis. Gabhadh sa mBruiséil é i mí Márta 2016 tréis dó bheith ar a theitheadh ar feadh cheithre mí.[4]
Ainmníodh na sceimhlitheoirí eile, mar shampla Foued Mohamed Aggad. Thaistil Aggad chun na Siria sa bhliain 2013 agus bíodh is gur gabhadh formhór an bhuínn nuair a fhill siad ar an Fhrainc i 2014.[5]
Fuarthas pas teifigh ón tSiria a cheaptar a cláraíodh sa nGréig i nDeireadh Fómhair 2015 gar do chorp duine do na hionsaitheoirí i bPáras[6].
Iarmhairtí
Tamall gairid ina dhiaidh sin, tháinig airí an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir le bearta slándála teorann níos déine i limistéar Schengen, limistéar saor ó phasanna.[7]
Féach freisin
- Ionsaí ar Halla Crocus Mhoscó, 2024
- Eachtraí sceimhlitheoireachta Ioslamacha
Tagairtí
- RTÉ (2015). "128-ar-a-laghad-maraithe". Dáta rochtana: 2018.
- TUAIRISC.ie (2015). "TUAIRISC Ó PHÁRAS: ‘An cogadh atá anseo againn, a mhamaí?’". Dáta rochtana: 2018.
- RTÉ (2015). "Ionsaithe Phárais: ceannlinte". Dáta rochtana: 2018.
- RTE (2016). "Diúltaíonn Abdeslam ceisteanna ó Bhreitheamh sa bhFrainc a fhreagairt". Dáta rochtana: 2018.
- RTÉ (2015). "Tá údaráis agus póilíní Pháras théis an tríú buamálaí a rinne ionsaí ar cheoláras an Bataclan i bPáras a aithint". Dáta rochtana: 2018.
- RTÉ (2015). "Fuarthas gunnaí Kalashnikov i gcarr dubh". Dáta rochtana: 2018.
- "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-06-15. Dáta rochtana: 2017-12-16.