Imirce (daonra)
San antraipeolaíocht agus sa tsocheolaíocht, is éard atá i gceist le imirce ná gluaiseacht daonra taobh istigh de thír nó idir tíortha is ea imirce.
Raison d'être
Gluaiseacht isteach i gcathracha is mó a bhíonn san imirce intíre, de thoradh fordhaonra is bochtanais faoin tuath agus deiseanna níos fearr a bheith ar fáil sna cathracha. Tarlaíonn imirce idirnáisiúnta de bharr na gcúiseanna céanna, bagairtí polaitiúla ar mhionlaigh, agus/nó cogaíochta.
Bíonn deacrachtaí ar leith nuair nach bhfaigheann inimircigh cead cur fúthu sa tír eile. I dtíortha forbartha, tarlaíonn iompú daonra, oiread inmheasta imirce daoine amach as cathracha isteach sa tuath máguaird.[1]
An difríocht idir eisimirce agus imirce
Baineann an eisimirce le himeacht ó áit; baineann an inimirce le teacht go háit. An eisimirce ó Éirinn, bhain sí a buaic amach aimsir an Ghorta; i rith an Tíogair Cheiltigh, bhí go leor inimirce chun na hÉireann ón bPolainn. Agus baineann an imirce le gluaiseacht ó thír nó ó ilchríoch amháin go tír nó go hilchríoch eile; ní féidir imirce a dhéanamh ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, mar shampla.[2]
Féach freisin
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Imirce". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 365.
- Eoin Ó Cróinín (2021-07-27). "'Is rialacha bréagacha gan bhunús iad cuid de na rialacha gramadaí'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-07-17.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |