Idirtheangeolaíocht
Baineann an idirtheangeolaíocht leis an téarma Laidine interlingua, a chiallaíonn "cumarsáid idir daoine le teangacha éagsúla".
Seo an sainmhíniú a thugann an Dr Detlev Blanke, duine de na saineolaithe domhanda ar an mbrainse nua seo den teangeolaíocht:
- "Baineann an idirtheangeolaíocht (Béarla ‘interlinguistics’, Gearmáinis "Interlinguistik", Fraincis "interlinguistique", Rúisis "interlingvistika", Iodáilis "interlinguistica"), leis an téarma Laidine "interlingua", a chiallaíonn "cumarsáid idir daoine le teangacha éagsúla".
Dá bhrí sin, is féidir an "idirtheangeolaíocht" a thuiscint, óna struchtúr moirféimeach, mar eolaíocht a bhaineann le dhá réimse eolais:
- /interlingua/ + /istics/: eolaíocht na n-interlinguae, .i. staidéar ar theangacha mar mheán don chumarsáid idirnáisiúnta.
- (/inter/ /linguae/)+istics: staidéar ar a dtarlaíonn idir teangacha.
Aidhm na hidirtheangeolaíochta
Tá trí ghrúpa sainmhínithe ann. Dá réir, is ionann an idirtheangeolaíocht agus
- staidéar na dteangacha idirnáisiúnta cúnta (teangacha eitneacha ag obair mar lingua franca, nó teangacha pleanáilte, mar Esperanto, amháin).
- staidéar na cumarsáide teanga idirnáisiúnta, a coinníollacha agus a meáin.
- teangeolaíocht chodarsnachta, teangeolaíocht an ilteangachais.
Is sa Vicipéid in Esperanto atá an cur síos is cuimsithí ar an idirtheangeolaíocht le fáil.
Leabharliosta
- (en) Gobbo, Federico, 2020, Introduction to Interlinguistics, München: GRIN Publishing
- (eo) Vĕra Barandovská-Frank, 2020, Interlingvistiko. Enkonduko en la sciencon pri planlingvoj Curtha i gcartlann 2021-06-30 ar an Wayback Machine (PDF), 333 pp., Poznań, Univ. Adam Mickiewicz, ISBN 9788365483539
- M. Monnerot-Dumaine, Précis d'interlinguistique générale et spéciale, Paris, Maloine, 1960
- (de) Detlev Blanke, Interlinguistische Beiträge. Zum Wesen und zur Funktion internationaler Plansprachen., Frankfurt, éditions Peter Lang, 2006
- (de) Alicja Sakaguchi, Interlinguistik. Gegenstand, Ziele, Aufgaben, Methoden, Frankfurt, Peter Lang, 1998, 494 p.
Naisc sheachtracha
Idirtheangeolaíocht, Lingvo.info
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.