Ibeach
Gabhar storrúil tréadúil fiáin is sea an t-ibeach.[1][2][3]
Capra ![]() | |
---|---|
![]() Capra ibex ![]() | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Ord | Artiodactyla |
Fine | Bovidae |
Fofhine | Caprinae |
Géineas | Capra ![]() Linnaeus, 1758 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
![]() ![]() |
Tréithe
- Gabhar toirtiúil trom é seo a mbíonn airde 85-100 cm ag an ngualainn ann[4].
- Donn, donnghlas, nó liath a bhíonn an fionnadh cé gur éadroime dath an bhoilg. Fionnadh aondathach a bhíonn ar an aghaidh.
- Adharca móra a bhíonn ar an bpocán a lúbann siar[5]. Bíonn iomairí suntasacha orthu ar an dromchla leata tosaigh. Is lú adharca na minsí (minseach).
Speicis
- Ibeach na hÁise nó ibeach na Sibéire (Capra sibirica): ina chónaí i sléibhte na hÁise Láir agus in Iarthuaisceart na Himiléithe.
- Ibeach Alpach (Capra ibex): faightear sna hAlpa é agus i réigiúin sléibhtiúla eile san Eoraip.
- Ibeach Ibéarach nó an t-ibeach Spáinneach (Capra pyrenaica): thart ar 50,000 ina gcónaí i sléibhte Leithinis na hIbéire, na Piréiní, agus i ndeisceart na Fraince.
- Ibeach Núibiach (Capra nubiana): ina chónaí sa Meánoirthear, an tSúdáin, agus an Éigipt.
- Ibeach Aetópach (Capra walie): faightear i sléibhte na hAetóipe é
- Fiaghabhar nó ibeach Iarthar na hÁise (Capra aegagrus): sinsear an ghabhair cheansaithe, ina chónaí sa Tuirc agus Sléibhte Chugais san iarthar, go dtí an Tuircméanastáin, an Afganastáin agus an Phacastáin san oirthear.
![](../I/Spanish_Ibex_at_the_San_Diego_Zoo_1.JPG.webp)
an t-ibeach Ibéarach, San Diego
Gnáthóg
Sna hAIpa, i sléibhte Tatra na Slóvaíce agus i sléibhte na Spáinne a bhíonn an t-ibeach le fáil. Cónaíonn sé ag airde an tsíorshneachta ar shléibhte na hÁise freisin.
Bíonn an t-ibeach aclaí cosdaingean ar thalamh géar dochach. Ina dtréada beaga a bhíonn na minseacha lena meannáin. Is nós leis na pocáin a bheith ina n-aonar.
Féar, toir bheaga, léicin, etc. a itheann an tIbeach. I sléibhte arda a chuireann sé faoi níos faide suas ná an seamaí go híondúil.
Féach freisin
- Eolaí Póca – Mamaigh, le Eleanor Lawrence (An Gúm Curtha i gcartlann 2020-08-13 ar an Wayback Machine) ISBN 185791161X.
Tagairtí
- Fréamh an Eolais is ainm don chiclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta a chuir an tOllamh Matthew Hussey le chéile agus a d'fhoilsigh an chuideachta Coiscéim sa bhliain 2011.
- Pádraig Ó Mianáin, eag.: “ibex — Aistriúchán Gaeilge ar ibex (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-01-25.
- Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): ibeach” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-01-25.
- Eolaí Póca – Mamaigh, le Eleanor Lawrence (An Gúm Curtha i gcartlann 2020-08-13 ar an Wayback Machine) ISBN 185791161X.
- adharca cruinne i dtrasghearradh ach ciorclaithe le sceireacha, garbh fada, cuartha siar
![]() | Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.