Howard Marks
Smuigléir drugaí agus údar de chuid na Breataine Bige ab ea Dennis Howard Marks (13 Lúnasa 1945 – 10 Aibreáin 2016). As Pen-y-bont ar Ogwr dó, creidtear go raibh suas le tríocha tonna de channabas á thabhairt i dtír aige in aon lastas amháin agus é i mbarr a mhaitheasa. Bhí sé ag obair taobh le baill den IRA, Mhaifia, CIA agus MI6 na Breataine.
![]() (2000) ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Dennis Howard Marks 13 Lúnasa 1945 Mynydd Cynffig, Wales ![]() |
Bás | 10 Aibreán 2016 70 bliana d'aois Leeds, England ![]() |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse cholaireictach) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Balliol - fealsúnacht, fisic Ollscoil Londan Ollscoil Sussex ![]() |
Áit chónaithe | Palma de Mallorca Leeds |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Q1259990 ![]() ![]() |
Gairm | aisteoir, gainneálaí drugaí, scríbhneoir, dírbheathaisnéisí, ealaíontóir ![]() |
Teangacha | Béarla |
Eile | |
Páiste | Amber Marks ![]() |
Ciontaíodh i | cambheart ![]() |
Suíomh gréasáin | howardmarks.name ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Fuair an DEA an ceann is fearr air sa deireadh thiar thall agus gearradh pianbhreith de chúig bliana is fiche air. Scaoileadh saor é i mí Aibreáin na bliana 1995. Chaith sé an chuid eile dá shaol i mbun feachtasaíochta chun cannabas a dhlisteanú agus ag insint a scéalta ar an stáitse.
Rinne Marks cur síos ar a eachtraí ina dhírbheathaisnéis mór le rá Mr. Nice (1996). Rinneadh scannán den leabhar sa bhliain 2010 le Rhys Ifans.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |