Hipiteirme
Teocht 35° C go domhain sa cholainn, tomhaiste le teirmiméadar sa reicteam. Tarlaíonn sí tar éis don cholainn a bheith tumtha in uisce fuar, nochtaithe do theocht íseal comhshaoil, neamh-chomhfhiosach nó daingnithe doghluaiste le fada (i nimhiú alcóil, hipitíoróideacht, tar éis stróic nó taom croí). Bíonn naíonáin is seandaoine leochaileach go háirithe. Is é crith an chéad fhreagairt ar laghdú teocht na colainne. Ina dhiaidh sin cuirtear isteach ar mhatáin an chroí, rud a mhoillíonn bualadh an chroí, a laghdaíonn brú na fola, agus a chuireann tús le heaspa rithime i mbualadh an chroí. Cuirtear isteach ansin ar fheidhmiú meabhrach, agus leanann mearbhall, díchuimhne, cailliúint comhfheasa, is bás. Chun cóireáil ar dhuine le hipiteirme, is gá é a théamh de réir a chéile. Tá riochtaí ann a gcabhraíonn sé lena mbainistiú teocht an othair a choinneáil rialaithe ag luach íseal.[1]
![]() ![]() | |
Cineál | neurological and physiological symptom (en) ![]() ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | leigheas éigeandála ![]() |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | bréagchéadfa ![]() |
Scrúduithe | luach anaithnid ![]() |
Cóireáil | Athbheochan chardascamhógach agus sreabháin infhéitheacha ![]() |
Pataigineas | |
Cúis | aimsir fhuar ![]() |
Éifeacht | paradoxical undressing (en) ![]() ![]() ![]() |
Aicmiú | |
ICD-10 | T68 ![]() |
ICD-9 | 991.6 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 6542 ![]() |
MedlinePlus | 000056 agus 000038 ![]() |
eMedicine | 770542 ![]() |
Patient UK | hypothermia-pro ![]() |
MeSH | D007035 ![]() |
UMLS CUI | C0020672 agus C0274285 ![]() |
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Hipiteirme". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 349.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |