Hermann von Helmholtz
Eolaí Gearmánach ab ea Hermann Ludwig Ferdinand von Helmholtz (31 Lúnasa 1821 – 8 Meán Fómhair 1894). Rinne sé taighde suntasach ar dhlí imchoimeád an fhuinnimh, teirmidinimic, leictridinimic agus leictreamaighnéadas. D'fheabhsaigh sé teoiric Young ar radharc daite na súl, agus mhínigh próiseas ceartaithe na súl. D'fhionn sé an t-oftalmascóp (1851), uirlis lenar féidir an taobh istigh den tsúil a fheiceáil.[1]
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Hermann Ludwig Ferdinand von Helmholtz". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 344.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.