Hermann Hesse
Scríbhneoir, file agus péintéir Gearmánach-Eilvéisach ba ea Hermann Hesse (1877-1962).
Saol
Rugadh ar 2 Iúil 1877 i gCalw i dtuaisceart na Foraise Duibhe san Gearmáin é, ach bhí sé ina chónaí an chuid is mó dá shaol san Eilvéis. Scríobh Hermann Hesse úrscéalta clúiteacha, m.sh. Der Steppenwolf, nó Das Glasperlenspiel, agus ollinsint Siddharta. Bhí sé file freisin agus scríobh sé a chuid filíochta ar fad a shaol. Is é Stufen (Céimeanna) dán maith ar a dtugtar san Ghearmán, san Ostair agus san Eilvéis go dtí an lá atá inniu ann, agus go háirithe an líne seo den dán: "Und jedem Anfang wohnt ein Zauber inne" (Bíonn draíocht ann ag gach tosach). Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Hermann Hesse sa bhliain 1946.
Chaith Hesse na blianta deireanacha a shaol i Montagnola, baile beag in aice le Lugano i gcantún Ticino san Eilvéis Iodálach, agus fuair sé bás ar 9 Lúnasa 1962 san áit chéanna.
Íomhánna
- Dealbh i gcathair breithe Calw
- Siopa leabair Heckenhauer i dTübingen. Bhí Hesse ina dhíoltóir leabhair san áit sin idir 1895 agus 1899.
- "Casa Camuzzi" i Montagnola, in aice le Lugano
Saothair
Úrscéalta
- 1904 Peter Camenzind
- 1906 Unterm Rad
- 1914 Roßhalde
- 1919 Demian
- 1922 Siddharta
- 1927 Der Steppenwolf
- 1943 Das Glasperlenspiel
Scéalta
- 1930 Narziss und Goldmund
- 1932 Die Morgenlandfahrt
Dánta
- 1941 Stufen
Naisc sheachtracha
- Suíomh san Eilvéis: hessemontagnola.ch
- Dánta: hhesse.de
- Duais Nobel: nobelprize.org
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |