Henry Fielding
Scríbhneoir Sasanach a rugadh i Sharpham i nGlastonbury ba ea Henry Fielding (22 Aibreán 1707 – 8 Deireadh Fómhair 1754). Ba shaothar ceannródaíoch a úrscéal grinn aorach The History of Tom Jones, a Foundling (1749). In éineacht le Samuel Richardson, feictear Fielding mar bhunaitheoir an úrscéil thraidisiúnta Bhéarla. Bhí ról tábhachtach aige freisin i stair fhorfheidhmiú sa Ríocht Aontaithe, ag baint úsáide as a údarás mar ghiúistís chun an Bow Street Runners a bhunú, an chéad fhórsa póilíneachta gairmiúil i Londain.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 22 Aibreán 1707 Sharpham, England |
Bás | 8 Deireadh Fómhair 1754 47 bliana d'aois Liospóin, An Phortaingéil |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ciorróis) |
Áit adhlactha | British Cemetery (en) |
Breitheamh | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Eton (1719–1724) Ollscoil Leiden |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, drámadóir, file dlíodóra, giúistís, úrscéalaí, saineolaí dlí, breitheamh, iriseoir, Giúistís Síochána |
Tréimhse oibre | 1728 – |
Seánra | Aoir, picaresque novel (en) agus gearrscéal |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Charlotte Craddock (1734–) Mary Daniel (1747–) |
Páiste | Henrietta Fielding ( Charlotte Craddock) William Fielding ( Mary Daniel) Allen Fielding ( Mary Daniel) |
Athair | Edmund Fielding agus Sarah Gould |
Siblín | Sarah Fielding, Edmund Feilding, Anne Feilding, Catherine Feilding, Ursula Feilding, Beatrice Feilding agus John Fielding |
|
Beathaisnéis
Ba mhac oifigigh ó theaghlach uasaicmeach é Fielding, a d'fhás suas i Somerset in iardheisceart Shasana. D’fhreastail sé ar Choláiste Eton go dtí 1725, tar éis a thosaigh sé ar shaol taistil, ag cur tús lena ghairm scríbhneoireachta ag an am céanna i stíl William Congreve. Tar éis tréimhse staidéir i Leiden san Ísiltír, bhí air filleadh abhaile mar gheall ar bhochtaineacht agus rinne sé iarracht a bheatha a shaothrú mar scríbhneoir. Scríobh sé líon mór drámaí grinn ar ábhair pholaitiúla agus tráthúla, cuid mór a bhí aorach agus criticiúil don príomhaire san am, Robert Walpole. Deirtear gur freagra díreach dlí cinsireachta nua i 1737 ar a chuid scríbhinn don amharclann.[1] Nuair a d'fhág an rialtas go raibh sé dodhéanta drámaí a léiriú, thosaigh Fielding ag déanamh staidéir ar an dlí agus bhain sé dhá chéim amach. Sna blianta 1739-1741 bhí sé ina eagarthóir ar an irisleabhair The Champion.
Thosaigh Fielding ag scríobh úrscéalta i 1741, rud a músclaíodh go pointe áirithe ón rath Samuel Richardson agus a úrscéal Pamela. Ba é a chéad rath ná scigaithris gan ainm den úrscéal thuasluaite, ar a dtugtar Shamela, a lean eiseamláir aoir Thoraí den ghlúin roimhe, go háirithe Swift agus Gay. Lean Fielding é seo le Joseph Andrews (1742), saothar a phléann le deartháir Pamela, Joseph, de réir dealraimh. Cuspóir ní ba mhó a bhí aige, áfach, ná scigaithris amhaín; mar a scríobh sé sa réamhrá, bhí sé ar intinn aige "cineál scríbhneoireachta a dhéanamh nach bhfuil feicthe agam inár dteanga go dtí seo, chomh más buan mo chuimhne." Thug Fielding "dán eipiciúil grinn i bprós" ar a chuid scríbhneoireachta, ina chumasc sé dhá thraidisiún chlasaiceach: sin an eipiciúil, a bhí fileata, agus an dráma, ach ag cur béime ar na gnéithe barrúla seachas traigéideacha. Gné eile Joseph Andrews agus na húrscéalta a bhí le teacht ná úsáid a bhaineadh as réaltacht laethúil maidir le charachtair agus aicsin, i gcomparáid le finscéalta an ama a tháinig roimh sin. Cé gur scigaithris ó thús, d'fhorbair Joseph Andrews ina úrscéal éirimiúil ann féin agus breathnaítear air mar chéad úrscéal Fielding mar úrscéalaí dáiríre.
Is é an saothar is mó a chruthaigh sé ná The History of Tom Jones, a Foundling (1749), úrscéal grinn le gnéithe den phicaresque agus den Bildungsroman, a insíonn scéal corntha, rancásach faoi conas a tháinig leanbh tréigthe ina oidhreacht. Ní fhéadfá cur síos a dhéanamh ar an bplota in achoimre shimplí; insíonn sé an choimhthiú a bhí ag Tom óna athair altrama, Squire Allworthy, agus a leannán, Sophia Western, agus an t-athmhuintearas a rinne sé leo tar éis sraith eachtraí bríomhara contúirteacha. Bua é mar léiriú ar sochaí agus ar charachtar Shasanach i lár an 18ú haois.
Saothair
I measc shaothair Henry Fielding tá:
Tagartí
- "Henry Fielding". web.archive.org (2009-04-28). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-02-21. Dáta rochtana: 2023-09-07.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |