Henri Giffard
Innealtóir Francach ba ea Henri Giffard (1825-1882). Ceannródaí eitlíochta ab ea é a cheap an t-insteallaire agus an aerlong dá ngairtear 'Le dirigeable'. Bhí an aerlong á thiomáint ag galinneall, le mheáchan níos mó ná 180 kg. agus b'é seo an chéad aerlong lastais agus paisinéirí.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 8 Feabhra 1825 Páras, An Fhrainc |
Bás | 14 Aibreán 1882 57 bliana d'aois Páras, An Fhrainc |
Siocair bháis | Féinmharú (Aisficse) |
Áit adhlactha | Reilig Père-Lachaise, 21 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | innealtóir, cumadóir, balúnaí |
Teangacha | An Fhraincis |
Gradam a fuarthas | |
Bhí an t-aerlong feistithe le hinneall gaile, le 3 each-chumhacht(ec), a thiomáin lián agus bhí an leagan amach seo ní amháin praiticiúil ach fós instiúrtha.
Bhí tonnadóir, a bhí ag pointeáil síos, feistithe chuig an innill. Bhí an t-astú sceite meascaithe leis an ghás dó agus bhí súil ag Giffard go gcuireadh seo stop ar spréacha iontráil isteach sa mhála gáis; d'fheistigh sé stiúir ingearach ar freisin.
Ar an 24 Meán Fómhair 1852 rinne Gifford an chéad eitilt inneall-thiomáinte agus faoi faoi rialú. ag taisteal 27 km ó Páras go Trappes. Bhí an ghaoth róláidir dó chun dul ina aghaidh agus theip air filleadh ar ais go dtí an tús i bPáras. Bhí sé in ann áfach tiontú agus dul i gciorcail, agus dá bhrí sin chruthaigh sé go raibh aerlong faoi thiomáint innill a bheith stiúrtha agus rialaithe. De dheasca meath a theacht ar a shainradharc, chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 1882, agus do bhronn sé a eastát ar an náisiún i gcomhair cuspóirí daonnúla agus eolaíochta. Tá a ainm i measc na n-ainmneacha, 72 díobh go léir, ar an Túr Eiffel.
- An t-insteallaire a chum Giffard
- Le dirigeable sa bhliain 1852
Tagairtí
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |