Heilbhic
Tá Heilbhic[1] suite i nGaeltacht Chontae Phort Láirge i ndeisceart na hÉireann.
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
![]() ![]() | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Phort Láirge | |||
Toghroinn cheantair | An Rinn ![]() | |||
Logainm.ie | 49599 |
An ceantar
Is deacair anois idirdhealú a dhéanamh idir Maoil a’ Chóirne, Heilbhic agus Baile na nGall i nGaeltacht Phort Láirge (Gaeltacht na nDéise nó Gaeltacht na Rinne) de bharr an fháis atá ag teacht orthu le blianta beaga anuas. Tá siad uile le fáil idir cúig mhíle slí agus seacht míle slí ó Dhún Garbháin.
Láthair
Is é Heilbhic an ceann is lú de na trí lonnaíocht. Tá sé lonnaithe míle amháin soir ó Bhaile na nGall agus seacht míle slí ó Dhún Garbháin.
Tionsclaíocht
Foinse luachmhar fhostaíochta is ea an calafort iascaireachta beag atá suite i Heilbhic agus an gléasra próiseáil éisc a bhaineann leis:. Tá cónaí ar go leor des na hoibrithe sa cheantar.
Naisc sheachtracha
- deise.ie - Gaeltacht na nDéise Curtha i gcartlann 2009-05-31 ar an Wayback Machine
- Léarscáil
- “Heilbhic/Helvick | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.