Heemskerk
Baile mór agus bardas san Ollainn Thuaidh is ea Heemskerk. Tá 38,892 duine ina gcónaí ann i limistéar 31.7 ciliméadar cearnach.
Heemskerk | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Ríocht na hÍsiltíre | ||||
Country of the Kingdom of the Netherlands (en) | an Ísiltír | ||||
Province of the Netherlands (en) | An Ollainn Thuaidh | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 39,191 (2021) | ||||
• Dlús | 1,229.33 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 17,174 (2015) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 31.88 km² | ||||
Airde | 2 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 1960–1969 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
BAG residence ID (en) | 2458 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | heemskerk.nl | ||||
Stair
Léiríonn fianaise seandálaíochta go raibh cónaí ar dhaoine i Heemskerk, atá suite ar thalamh gainimh díreach taobh thiar de na dumhcha a choinníonn an Mhuir Thuaidh amach, cúpla céad bliain roimh bhreith Chríost. Sa bhliain 1069 a luadh ainm an bhaile don chéad uair mar 'Hemezen Kyrica' i scríbhinn eaglasta. 'Teampall Hemezen' ba chiall leis an ainm sin. Ceaptar gur bhean rialta as an bhFreaslainn ab ea Hemezen a bhunaigh mainistir san áit.
Bhí sé chaisleán i Heemskerk sna Meánaoiseanna; tá péire fágtha sa lá atá inniu ann, Assumburg agus Marquette. Tógadh teampall Protastúnach an bhaile sa bhliain 1628 ach is as an tríú haois déag don túr. Caitlicigh iad an chuid is mó den daonra, áfach. Thóg bunadh Caitliceach an bhaile teach pobail mór nua sa bhliain 1891 atá ar cheann d'fhíorbheagán samplaí de thithe pobail Chaitliceacha a tógadh i stíl na Nua-Athbheochana. Tá an t-ainm céanna, 'St. Laurentius' ('Naomh Labhrás') ar an dá shéipéal.
Baile tuaithe
Baile tuaithe a bhí in Heemskerk go dtí na 1960í. Sútha talún an táirge ba mhó a mbíodh cáil ar an mbaile ina thaobh. Sa lá atá inniu ann, fástar bláthanna agus glasraí ar an talamh gainimh méith idir an mbaile agus na dumhcha.
Aonach
Tá aonach siamsaíochta Heemskerk, a thosaíonn ar an gcéad Chéadaoin i Meán Fómhair agus a leanann ar feadh trí lá, ar cheann de na cinn is mó a bhfuil tóir orthu san Ollainn Thuaidh. Bíonn rásaí capall ann ar an Déardaoin.
Daoine a rugadh i Heemskerk
- Rafael van der Vaart (11 Feabhra 1983), imreoir sacair le Ajax, HSV, Real Madrid agus foireann náisiúnta na hÍsiltíre
- Alex Hijmans (12 Meitheamh 1975), iriseoir agus údar Gaeilge
Is síol faoi thíreolaíocht na hÍsiltíre é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |