Harvey Weinstein
Is léiritheoir scannán Meiriceánach é Harvey Weinstein a rugadh ar an 19 Márta, 1952, agus boc mór i saol na scannán in Hollywood ar feadh 40 bliain..
Léirigh sé scannáin mór le rá amhail Pulp Fiction, The English Patient agus Shakespeare in Love,

Mí-iompar gnéis
Idir 2017 agus 2022, chúisigh breis is 90 bean Weinstein as mí-iompar gnéis.[1][2]
Ar 24 Feabhra 2023 i gcúirt i Nua-Eabhrac, ciontaíodh Weinstein in éigniú den tríú grád agus gníomh coiriúil gnéis den chéad ghrád, ach fuarthas neamhchiontach é sna cúiseanna ba thromchúisí ar fad a cuireadh ina leith – ionsaí gnéis creiche agus éigniú den chéad ghrád.[3]
Ba é cás Weinstein an cás ba mhó a spreag an feachtas #MeToo sa bhliain 2017, inar inis mná don saol mór faoi fhir chumhachtacha a líomhain siad a bhain mí-úsáid astu.
Féach freisin
Tagairtí
- ExtraG (2023-02-24). "Weinstein ag dul chun príosúin ar feadh 16 bliana as éigniú" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-02-26.
- Seosaimhín Ní Bheaglaoich (6 Samhain 2017). "Cuir ceist ar aon bhean agus beidh scéal aici a chuirfidh an ghruaig ina seasamh ar do cheann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-26.
- Tuairisic (24 Fea 2023). "Harvey Weinstein ciontaithe i Nua-Eabhrac as éigniú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-26.