Harper Lee
Scríbhneoir Meiriceánach í Harper Lee (fíorainm: Nelle Harper Lee) a rugadh i Monroeville, Alabama ar an 28 Aibreán 1926. Bhásaigh sí ar an 19 Feabhra 2016[1].
Ní raibh ach aon leabhar amháin foilsithe aici, is é sin, an t-úrscéal To Kill a Mockingbird, a thabhaigh Duais Pulitzer di sa bhliain 1961. Ciníochas i nDeisceart na Stát Aontaithe is ábhar don scéal.
Chuidigh Lee lena seanchara Truman Capote agus é ag bailiú eolais le haghaidh a úrscéil fhíricbhunaithe In Cold Blood.
Leabharliosta
- To Kill a Mockingbird (1960)
- Go Set a Watchman (2015)
![](../I/To_Kill_a_Mockingbird_(1962)_trailer_1.jpg.webp)
"To Kill a Mockingbird" (1962)
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.