Hamburg
Is é Hamburg (Gearmáinis Íochtarach: Hamborg) an dara chathair is mó sa Ghearmáin. Tá sí suite i dtuaisceart na tíre, idir Schleswig-Holstein agus Niedersachsen, ach ní bhaineann sí le ceachtar den dá stát sin, nó tá an chathair féin ina stát feidearálach de chuid na Gearmáine. Sin é an tuige go dtugtar "Cathair Shaor agus Hainseatach Hamburg" uirthi go hoifigiúil, nó Freie und Hansestadt Hamburg.
Hamburg | |||||
---|---|---|---|---|---|
Freie und Hansestadt Hamburg (de) | |||||
|
|||||
Siombail oifigiúil | Hammonia (en) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ghearmáin | ||||
Príomhchathair de | Bouches-de-l'Elbe (1811–1814) | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,892,122 (2022) | ||||
• Dlús | 2,505.82 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Hamburg Metropolitan Region (en) | ||||
Achar dromchla | 755.09 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Alster, An Eilbe, Bille, Seevekanal (en) , Flottbek, Este, Wandse, Osterbek, Goldbekkanal (en) , Isebekkanal (en) , Tarpenbek, Saselbek, Rodenbek, Bredenbek, An Mhuir Thuaidh, Susebek (en) , Rethe, Köhlbrand, Süderelbe agus Wedeler Au (en) | ||||
Airde | 6 m | ||||
Pointe is airde | Hasselbrack (en) (116.2 m) | ||||
Ar theorainn le | Schleswig-Holstein Pinneberg (en) Reinbek Segeberg (en) Herzogtum Lauenburg (en) Stormarn (en) Harburg (en) Halstenbek (en) Bönningstedt (en) An tSacsain Íochtarach Norderstedt Seevetal Neu Wulmstorf Stade (en) | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Landherrenschaft Hamburg agus Landkreis Hamburg (en) | ||||
Eachtra thábhachtach | Bombing of Hamburg in World War II (en) (1939) Léigear Hamburg (1813) Siege of Hamburg (en) (1686) staple right (en) (7 Bealtaine 1189) Reifirméisean (1528) Boerse Hamburg - Regulierter Markt (en) (1558) | ||||
Éarlamh | Muire | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint Hamburg | ||||
• Céad Mhéara Hamburg | Peter Tschentscher (en) (2018–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Bhunreachtúil Hamburg | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 20095–21149, 22041–22769 agus 27499 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 040 agus 04721 | ||||
Cód ISO 3166-2 | DE-HH | ||||
Cód NUTS | DE6 | ||||
German regional key (en) | 020000000000 | ||||
German municipality key (en) | 02000000 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | hamburg.de… | ||||
Tíreolaíocht agus stair
Tá an chathair roinnte i seacht gceantar riaracháin (Bezirke), mar atá: Nord, nó an Tuaisceart; Eimsbüttel, Altona, Harburg, Bergedorf, agus Mitte, nó Lár na Cathrach.
Tá Hamburg ar an gcuan is mó sa Ghearmáin, rud a d'fhág a shliocht ar an áit riamh. Bhí pobal Síneach agus go leor pobail eachtrannacha eile i Hamburg i bhfad sular tosaíodh ag caint ar an "ilchultúrachas". Ón taobh eile de, leis na mairnéalaigh, tháinig an meirdreachas, agus is dócha gurb é ceantar na gclubanna oíche is na ndrúthlann, St. Pauli, an logainm is aithnidiúla sa chathair, i measc mhuintir na dtíortha coimhthíocha. B'ansin a thosaigh na Beatles ag teacht i láthair mar cheoltóirí, nuair a bhí siad ag seinm sa Star-Club ar phríomhshráid na ceathrún deirge, Die Grosse Freiheit.
Is follasach gur lárionad tábhachtach cultúir í an chathair seo freisin.
Daoine
B'as Hamburg do go leor scríbhneoirí nó ealaíontóirí clúiteacha:
- Wolfgang Borchert, file an tsíochánachais agus iarshaighdiúir an airm Ghearmánaigh a fuair bás le heitinn go gairid i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. B'é an dráma úd Draußen vor der Tür ("Amuigh ar an Tairseach") a thabhaigh a cháil iarbháis dó, agus é suite i Hamburg.
- Cé gur i München a rugadh é, is i Hamburg a d'fhás an aisteoir clúiteach Moritz Bleibtreu aníos.
- B'as Hamburg do na cumadóirí Johannes Brahms, Felix Mendelssohn Bartholdy agus Gustav Mahler.
Gailearaí
- Die Hamburger Speicherstadt, nó Cathair na dTrádstóras
- Hamburger Fernsehturm, túr tarchurtha teilifíse agus sainchomhartha tíre
- Die Große Freiheit, croílár na ceathrún deirge i Hamburg
- Calafort Hamburg agus Michel, nó Ardeaglais an Ardaingil Mícheál
Naisc sheachtracha
Tagairtí
Is síol faoi thíreolaíocht na Gearmáine é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |