H. B. Higgins
Dlíodóir, polaiteoir agus breitheamh Éireannach-Astrálach Henry Bournes Higgins (30 Meitheamh 1851 – 13 Eanáir 1929). Ba mhórphearsa na heite clé san Astráil é le linn na 1880idí - 1920idí.[1][2][3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 30 Meitheamh 1851 Baile Nua na hArda, Northern Ireland |
Bás | 13 Eanáir 1929 77 bliana d'aois Dromana, Victoria (en) |
Siocair bháis | Stróc |
Ball de Theach Ionadaithe na hAstráile | |
30 Márta 1901 – 12 Nollaig 1906 ← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist → Toghcheantar: Northern Melbourne (en) | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Dlí Melbourne |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Canberra |
Gairm | polaiteoir, dlíodóir, breitheamh |
Ball de pháirtí polaitíochta | An Páirtí Cosantaíoch |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Siblín | Ina Higgins |
Duine muinteartha | Esmonde Macdonald Higgins (nia) Nettie Palmer (nia) |
Saol
Rugadh Higgins mBaile Nua na hArda, Contae an Dúin, ar 30 Meitheamh 1851.I gColáiste Wesley i mBaile Átha Cliath a cuireadh oideachas air.
Chuaigh sé ar imirce chun na hAstráile lena thuismitheoirí sa bhliain 1870. Rinne sé a chuid staidéir ar an dlí sa Scoil Dlí in Ollscoil Melbourne agus glaodh chun Bharra Victoria air sa bhliain 1876 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 1903.
Polaitíocht
Bhí Higgins ina fhorásaí polaitiúil agus chun tosaigh i measc lucht tacaíochta Rialtas Dúchais na hÉireann.[1]
Sa bhliain 1894 toghadh Higgins chun Chomhthionól Reachtaíochta Victoria (seomra íochtarach Pharlaimint Victoria) agus sa bhliain 1897 chun Choinbhinsiún Bunreachtúil na hAstráile. Bhí sé i gcoinne Bunreacht Chomhlathas na hAstráile a ghlacadh, ar an mbonn go raibh sé ró-choimeádach agus i gcoinne na páirte a ghlac na hAstráile i nDara Cogadh na mBórach; chaill sé an suíochán a bhí aige sa Chomhthionól mar gheall air sin, sa bhliain 1900.
Bhí sé ina bhall de Theach na nIonadaithe ó 1901 go 1906 agus - d'ainneoin go raibh sé ina Chosantaí in áit a bheith ina fheisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre - roghnaíodh mar Ard-Aighne é sa chéad rialtas feidearálach de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, a bhí in oifig ar feadh seal gairid sa bhliain 1904, ó ba rud é go raibh sé i bhfabhar chearta na n-oibrithe, idirghabháil an stáit sa gheilleagar agus an vóta a thabhairt do mhná, le blianta fada.[1]
Breitheamh
Ceapadh an tUiginneach ina bhreitheamh d'Ard-Chúirt na hAstráile sa bhliain 1906 agus bhí sé ina Uachtarán ar Chúirt an Chomhlathais um Réiteach agus Eadráin (institiúid a mhol sé go diongbháilte sna díospóireachtaí a bhí ann sna 1890í) ó 1907 go 1920.
Sa cháilíocht sin, bhí sé meáite ar chothrom na Féinne a thabhairt do na fostóirí agus do na hoibrithe araon, ar thaobh amháin trí bhunús dlí don íosphá maireachtála a leagan síos agus, ar an taobh eile, trí chur in éadan an dúshláin a rinne roinnt ceardchumann míleatach do bhreithiúnais na Cúirte.
Lean sé ar aghaidh mar bhreitheamh den Ard-Chúirt ar feadh níos mó ná ocht mbliana tar éis dó éirí as mar bhall de Chúirt an Chomhlathais. Fiú sa lá atá inniu ann, is mórphearsa na heite clé san Astráil é fós.[1]
Féach freisin
Tagairtí
- Scoil Dlí, COBÁC (2020). "H. B. Higgins". Dáta rochtana: 2023.
- John Rickard. "Higgins, Henry Bournes (1851–1929)" (as en). Australian Dictionary of Biography. Canberra: National Centre of Biography, Australian National University.
- Carmel Meiklejohn, thar ceann AGS (oifig Aturnae Rialtas na hAstráile. (2020). "HENRY BOURNES HIGGINS KC 1851–1929". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-01-22. Dáta rochtana: 2023.