Grianstad
An uair den bhliain is faide an lá is ea grianstad an tsamhraidh, nó is faide an oíche (grianstad an gheimhridh).[1]
An dá lá den bhliain a soilsíonn an ghrian
- níos faide (grianstad samhraidh sa leathsféar thuaidh, timpeall 21 Meitheamh) nó
- níos giorra (grianstad geimhridh sa leathsféar thuaidh, timpeall 22 Nollaig),
ná aon lá eile i rith na bliana.
Ar an dá lá, bíonn an ghrian ag foircinn thuaidh is theas a haistir dhealraithigh sa spéir. De bhrí go bhfuil ais an domhain claonta le plána a fhithise timpeall na gréine a tharlaíonn na grianstadanna.
Sa leathsféar theas, is ar 21 Meitheamh a bhíonn an grianstad samhraidh agus an grianstad geimhridh ar 22 Nollaig.
Ag grianstad an tsamhraidh, bíonn an ghrian díreach os cionn na trópaice thuaidh, ag dul isteach faoi chomhartha stoidiacach an Phortáin (mar an gcéanna, maidir leis an trópaic theas, ag grianstad an tsamhraidh ó dheas, agus an gheimhridh ó thuaidh).[2]
Tagairtí
- "An Foclóir Beag: bliain" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2019-06-21.
- Hussey, Matt (2011). "Grianstad". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 334.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |