Gough Whitlam
Ba pholaiteoir é Edward Gough Whitlam (11 Iúil 1916 – 21 Deireadh Fómhair 2014). B'eisean an t-aonú Príomh-Aire is fiche ar an Astráil.
Saol
.jpg.webp)
Bhí athair agus mac le Whitlam ina ndlíodóirí móra le rá — Fred Whitlam (Aturnae na Corónach, 1936 go 1949) agus Tony Whitlam QC (breitheamh de Chúirt Fheidearálach na hAstráile, 1993 go 2005).[1] Bhí Fred Whitlam chun tosaigh agus cosaint idirnáisiúnta ní b'éifeachtaí ar chearta an duine a chur chun cinn agus bhí tionchar láidir aige ar na luachanna agus tuairimí a bhí ag a mhac.

Céimí sna healaíona agus sa dlí, glaodh chun an bharra Gough Whitlam air sa bhliain 1947 tar éis dó a bheith in Aerfhórsa Ríoga na hAstráile le linn an Dara Cogadh Domhanda. Ball de Theach na nIonadaithe as Werriwa (NSW) ó 1952 go 1978, bhí sé ina cheannaire ar Pháirtí Lucht Oibre na hAstráile ó 1967 go 1977 agus ina Phríomh-Aire ar an Astráil ó 1972 go 1975. Bhí tionchar ag gairm bheatha Whitlam mar dhlíodóir ar a shaol polaitíochta agus ar an dearcadh a bhí aige maidir le athchóiriú an bhunreachta agus ceisteanna mar sin.[2]
D'éag Gough Whitlam ar 21 Deireadh Fómhair 2014, agus é 98 bliana d'aois.
Tagairtí
- Scoil Dlí COBÁC. "Gough Whitlam" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-22.
- naa.gov.au (tá suíomh gréasáin ag Cartlann Náisiúnta na hAstráile dar teideal "Australia's Prime Ministers"). "Gough Whitlam: before office". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-26. Dáta rochtana: 2020.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |