Gordon Lyons
Is polaiteoir de chuid Pháirtí Aontachtach Daonlathach (PAD) é Gordon Lyons (rugadh é 6 Márta 1986), a bhí ina Chomhalta den Tionól Reachtach (CTR) d’ Aontroim Thoir ó Lúnasa 2015.
D'oibrigh Lyons mar chúntóir do Chomhalta an PAD den Tionól Reachtach Sammy Wilson ar feadh cúig bliana. Níor éirigh leis in Aontroim Thoir i dtoghchán Tionóil Thuaisceart Éireann 2011, agus i gceantar Bhóthar an Chósta de Chomhairle Buirge Latharna freisin.[1][2]
I dtoghcháin áitiúla 2014, toghadh Lyons don limistéar nua "Bóthar an Chósta", don Chomhairle Dúiche Lár agus Oirthear Aontroma,[3] agus i mí Lúnasa 2015, comhthoghadh é chun áit Wilson a ghlacadh ar an Tionól.[4]
Atoghadh Lyons ag Toghchán Tionóil 2016 agus bhí sé ina bhall den Choiste Geilleagair agus ina Chathaoirleach ar an gCoiste um Nósanna Imeachta.
Nuair a atoghadh é i dToghchán Tionóil TÉ 2017, cheap Ceannaire an PAD Arlene Foster, Lyons mar Phríomh-Aoire Ghrúpa Tionóil an PUD.
Nuair a athbhunaíodh dílárú na cumhachta an 11 Eanáir 2020, cheap an Príomh-Aire Arlene Foster Lyons mar Aire Sóisearach san Oifig Fheidhmiúcháin.
D’fhóin sé mar Aire Gníomhach Talmhaíochta, Comhshaoil, agus Gnóthaí Tuaithe tar éis do Edwin Poots seasamh síos go sealadach ar chúiseanna sláinte.[5]
Tagairtí
- Victoria Leonard, "Larne Councillor Lyons hopes to replace Sammy Wilson" Curtha i gcartlann 2015-09-20 ar an Wayback Machine, Larne Times, 4 August 2015.
- Larne Borough Council Elections 1993–2011, Northern Ireland Elections, ark.ac.uk; accessed 3 January 2017.
- "Mid and East Antrim District Council Elections, 2014", Northern Ireland Elections
- "Gordon Lyons to replace Sammy Wilson as East Antrim MLA", BBC News, 11 August 2015.
- ' Edwin Poots steps down for 'surgery and recuperation' https://www.bbc.com/news/uk-northern-ireland-55896873}}%5B%5D