Gmail
Is éard is Gmail ann ná seirbhís ríomhphoist saor in aisce, curtha ar fáil ag Google, arna tacú ag fhógraíocht. Is féidir le húsáideoirí teacht ar Gmail mar ríomhphost slán, chomh maith trí phrótacail POP3 nó IMAP4.
![]() | |
URL | https://mail.google.com/ agus https://www.gmail.com/ ![]() |
---|---|
Cineál | mailbox provider (en) ![]() ![]() |
Teanga | ilteangacha ![]() |
Teanga ríomhchlárúcháin | JavaScript ![]() |
Cuid de | Google Workspace (en) ![]() ![]() |
Úinéir | Google ![]() |
Cruthaitheoir | Paul Buchheit ![]() |
Forbróir gréasáin | Google ![]() |
Iontráil i seirbhís | 1 Aibreán 2004 ![]() |
Blag oifigiúil | https://blog.google/products/gmail/ ![]() |
![]() ![]() ![]() |
Stair
Seoladh Gmail mar scaoileadh beta ar 1 Aibreán 2004, trí 'cuireadh-amháin'.
Cuireadh Gmail ar fáil don phobal don chéad uair ar 7 Feabhra 2007, cé nach raibh ach 'stádas béite' fós aige ag an am sin.
Rinneadh uasghrádú ar an tseirbhís ón stádas béite ar 7 Iúil 2009[1], chomh maith leis an gcuid eile de Sraith-aipeanna Google (Sheets, Docs, srl).
Sa bhliain 2014, seoladh leagan Gaeilge de Gmail den chéad uair.[2]
Tagairtí
- "History of Gmail" (as en) (2018-12-21). Wikipedia.
- Éanna Ó Caollaí (2014-12-11). "Seol teachtaireacht - Gmail now available as Gaeilge". Dáta rochtana: 2023-04-21.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.