Glóthach
Bia bog milis is ea glóthach. Itear mar mhilseog é. Itear fuar é. Itear leis féin é nó le bia eile amhail uachtar reoite nó breachtán. Is maith le leanaí agus daoine óga é ach go háirithe, ach déanta na fírinne, is féidir le gach duine é a ithe.
![]() | |
Bunús | |
---|---|
Tír dhúchais | an Ríocht Aontaithe |
Sonraí | |
Cineál | dessert with spoon (en) ![]() |
Príomh-chomhábhair | Geilitín |

Déantar an púdar a mheascadh le uisce te chun glóthach a dhéanamh. Doirtear an glóthach te i mhúnla glóthaí chun cruth faoi leith a thabhairt dó. Ligtear dó fuarú ar feadh tamall ionas go táthóidh an leacht le chéile. Bíonn glóthach ar fáil i mblasanna agus dathanna éagsúla. Nuair a mbíonn glóthach ag suí ar mhias leis féin, bíonn sé longadánach agus bíonn tréith athscinmeach aige.
Glóthach meisiciúil
Is féidir fiúigil glóthaí (.i. deochanna beaga biotáille déanta de ghlóthach a dháiltear i ngloiní beaga) a dhéanamh trí alcól a mheascadh isteach i nglóthach fad is atá sé á ullmhú. Go minic measctar vodca, rum nó tequila sa ghlóthach. Doirtear an leacht meisciúil seo i shoithigh bheaga agus itear iad ag cóisir nó i dteach tábhairne.
Tagairtí
![]() | Is síol faoin bhia é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |