Gerry Fitt
Ba pholaiteoir as Tuaisceart Éireann é Gerard "Gerry" Fitt, nó Barún Fitt of Bell's Hill, (9 Aibreán 1926 – 26 Lúnasa 2005). Bhí sé i measc na ndaoine a bhunaigh an SDLP (Páirtí Sóisialach Daonlathach an Lucht Oibre) sa bhliain 1970.[1][2]
Tús a shaoil
Rugadh Fitt i mBéal Feirste. Fuair sé a chuid oideachais ó na mBráithre Críostaí. Chaith sé na blianta idir 1941 agus 1953 i sheirbhís an chabhlaigh. Bhíodh cónaí ar Fitt i mBóthar na bhFál, agus sheas sé mar ionadaí don bhóthar ar son pháirtí lucht oibre sa bhliain 1956. Fuair Paddy Devlin, ó Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann an ceann is fearr air, áfach.
Sa bhliain 1958, toghadh Fitt do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste mar bhall de Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann. Sa bhliain 1962, bhuaigh sé suíochán i Stormont.
San olltoghchán Westminster sa bhliain 1966, bhuaigh Fitt an suíochán in iarthar Bhéal Feirste.
SDLP
D'úsáid Fitt a shuíochán i Westminster chun fadhbanna i dTuaisceart Éireann a chuir os chomhair na Breataine. Ba MP comhbhraiteach é a bhí i láthair ag an agóid cearta daonna i nDoire ar an 5 Deireadh Fómhair 1968. Chloígh Constáblacht Ríoga Uladh Fitt an lá sin, i measc daoine eile.
Thug Fitt tacaíocht do Bernadette Devlin sa bhliain 1969.
I mí Lúnasa 1970 bhí Fitt mar an chéad cheannaire ar pháirtí nua, Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP). Bunaíodh an SDLP tar éis comhráite sa nGaeltacht i dTír Chonaill idir John Hume, Austin Currie, Paddy O’Hanlon, Paddy Devlin agus Gerry Fitt. Ba é Gerry Fitt an ceannaire mar gurbh é an polaiteoir ba shinsearaí díobh, an t-aon Fheisire Parlaiminte in Westminster ina measc.[3]
Ghlac an SDLP páirt i Westminster (rud nach ndearna Sinn Féin).
Titim amach
Bhí síorcháineadh ar a ceannaireachtaagus b'fhéidir nach raibh bua na ceannaireachta ag Fitt, san áit chontráilte ag an am contráilte.[1] De réir a chéile, thit Fitt amach lena pháirtí, le náisiúnaigh, agus le rialtas na Breataine. Sa bhliain 1979 staon Fitt ó vóta tábhachtach i Westminster; thit an rialtas Lucht Oibre as chumhacht agus tháinig Margaret Thatcher agus na Toraithe isteach.
Sa bhliain 1980 cuireadh John Hume ina áit mar cheannaire, agus d'fhág Fitt an páirtí.
Sa bhliain 1981 bhí Fitt in aghaidh na Stailceanna ocrais sa phríosún Maze i mBéal Feirste.
I mí na Bealtaine na bliana 1983, chaill Fitt a shuíochán do Gerry Adams.
Fuair Fitt bás ar an 26 Lúnasa 2005, 79 bliain d'aois, de bharr galair croí. Bhí ceathrar iníon aige.
Tagairtí
- Michael A. Murphy (2007). "Gerry Fitt: A Political Chameleon" (as en). Dufour Editions.
- "Fighting Fitt: The Gerry Fitt Story" (en). Goodreads. Dáta rochtana: 2022-08-26.
- Póilín Ní Chiaráin (2020). "Cúis cheiliúrtha ag an SDLP agus iad 50 bliain ar an bhfód" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-26.