Georg Bauer
Mianreolaí a rugadh i nGlauchau na Gearmáine is ea Georg Bauer (Georgius Agricola, 24 Márta 1494 – 21 Samhain 1555). Rinne sé an chéad rangú eolaíoch riamh ar mhianraí ina leabhar De Natura Fossilium (Ar Nádúr na nIontaisí, 1546). De Re Metallica an leabhar ba mhó a thuill clú dó, leabhar inar chuir sé síos ar an mianadóireacht agus oibríochtaí eastóscaidh eile. Foilsíodh é sa bhliain 1556, cé gur dócha gur chuir sé críoch leis sé bliana roimhe sin.[1]
Ainm sa teanga dhúchais | (la) Georgius Agricola |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (de) Georg Pawer 24 Márta 1494 Glauchau |
Bás | 21 Samhain 1555 61 bliana d'aois Chemnitz |
Siocair bháis | Stróc |
Áit adhlactha | Ardeaglais Zeitz |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Leipzig Ollscoil Bhologna Ollscoil Padua |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Geolaíocht, mianreolaíocht agus Mianadóireacht |
Gairm | dochtúir leighis, ceimiceoir, fealsamh, innealtóir, mianreolaí, staraí, miotalóir |
Teangacha | An Laidin agus an Ghearmáinis |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Georg Bauer". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 66.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.