Gallaigh
Ciníocha Ceilteacha ba ea na Gallaigh a bhí ina gcónaí san Ghaill le linn na hIarannaoise agus sa tréimhse Rómhánach (a bheag nó a mhór ón 5ú haois RC go dtí an 5ú haois AD). Bhí an Ghaill a thugtaí ar a dtír dhúchais. Labhair siad an Ghallais, teanga Ceiltise na Mór-Roinne.
Cineál | grúpa eitneach stairiúil |
---|---|
Ball de | Na Ceiltigh |
Eapainm | An Ghaill |
Tíreolaíocht | |
Ó dhúchas | an Fhrainc |
Le leanúint | cultúr Gall-Rómhánach |
Tháinig na Gallaigh chun cinn timpeall an 5ú haois RC mar shealbhóirí na dtraidisiún cultúrtha 'La Tène' i dtuaisceart na hAlpa (scaipthe ar fud na tailte idir an tSéin, an Réin Láir agus an Eilbe Uachtarach). Faoin 4ú haois RC, bhog siad fud fad na [[An Fhrainc|Fraince, na Beilge, na Spáinne, na Portaingéile, na hEilvéise, na Gearmáine Theas, na hOstaire, Phoblacht na Seice agus na Slóvaice mar atá anois ann, de thairbhe an smachta a bhí acu ar na bealaí trádála a bhain le habhainn na Róine,na Séine, na Réine, agus na Danóibe, agus go tapa leathnaigh siad isteach i dTuaisceart na hIodáile, na Balcáin, an Trasalváin agus na Galáite. Níor aontaíodh an Ghaill riamh faoi rialtóir nó rialtas amháin, ach bhí na treibheanna Gallacha in ann a gcuid fórsaí a aontú in oibríochtaí míleata ar scála mór. Bhí siad in ard a réime san 3ú haois luath RC. Chuir Poblacht na Róimhe, a bhí ag teacht chun cinn, ag deireadh an Chéad Chogaidh Púnaigh níos mó brú ar réimse tionchair na nGallach; D'fhógair Cath Telamon, sa bhliain 225 RC, meath de réir a chéile ar chumhacht na nGallach thar an 2ú haois, sular cuireadh an Ghaill faoi smacht sa deireadh i gCogaí na nGallach sna 50ú RC. Tar éis seo, rinneadh an Ghaill ina cúige den Impireacht Rómhánach, agus comhshamhlaíodh na Gaill i dtromlach na lonnaitheoirí Laidineacha (áitritheoirí Rómhánacha), ag cailliúint a bhféiniúlachtaí treibhe faoi dheireadh an 1ú haois AD.