Galbhánú

Leictreaphlátáil iarainn nó cruach le sinc chun iad a chosaint ar chreimeadh ag an atmaisféar tais. Tá galbhánú te ann freisin, ina gcuirtear an réad miotalach glanta trí fhlosc agus ansin trí umar since leáite chun an ciseal since a chur ar dhromchla an réada. Ainmnithe as Luigi Galvani, ach ba é Henry William Crawford a d'fhionn an próiseas i 1837.[1]

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Galbhánú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 303.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.