Galar croí
Is é atá i gceist le galar croí ná galar sa chroí nó na fuileadáin ghaolmhara.
Aon rud a chuireann isteach ar fheidhmiú an chroí mar chaidéal, cuireann sé tús leis na bunsiomtóim, giorra anála is coinneáil sreabháin (éidéime), agus is féidir go dtarlóidh pamparnach, pian sa chliabhrach, is fanntais lena chois seo.
Eipidéimeolaíocht
Cúis an-suntasach báis i ngach tír is ea galar croí, bíodh is go n-athraíonn an patrún ó thír go tír. Mar shampla, bíonn galar croí corónach níos coitianta san iarthar ná sa tSeapáin.
Is annamh galar croí réamatach in Éirinn is an Bhreatain anois, ach tá sé an-choitianta san India is an meánoirthear.[1]
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Galar croí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 301.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.