An Ghaeltacht

Is éard is Gaeltacht ann ná ceantar ina n-aithnítear an Ghaeilge mar theanga an phobail ann, go stairiúil ar a laghad. B'é ba bhrí leis an bhfocal sin Gaeltacht fadó ná Gaelachas, ach ó thosaigh an Ghaeilge ag dul as úsáid in áiteanna in Éirinn, tháinig an téarma "Gaeltacht" nó "ceantair Ghaeltachta" chun cinn ar na háiteanna sa tír ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt i gcónaí mar theanga thraidisiúnta a théann go nádúrtha ó ghlúin go glúin.

Comhartha an Údaráis ar theorainn na Gaeltachta
Gaeltachtaí oifigiúla

Is léir, áfach, gurb iomaí áit sa Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Béarla in uachtar anois, mar shampla Cloch na Rón, an Achréidh agus Maigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe, nó Ailt an Chorráin agus Gleann Bharr i gContae Dhún na nGall, Acaill, Béal an Mhuirthead agus an tSraith i gContae Mhaigh Eo chomh maith leis an gcuid is mó d'Uíbh Ráthach i gContae Chiarraí.

Úsáidtear canúintí éagsúla ó Ghaeltacht go Gaeltacht. Tugtar Gaidhealtachd nó Gaeltacht na hAlban ar na ceantair in Albain ina labhraítear Gaeilge na hAlban (nó Gàidhlig).

Daonra na Gaeltachta

Teorann na Gaeltachta 1926
Teorann na Gaeltachta 1956

Dar le hÚdarás na Gaeltachta, is é 95,503[1] daonra na Gaeltachta. Tá thart ar 14,000 do na daoine sin ina gcónaí i mbruachbhailtí na Gaillimhe, áfach.

Cuirtear an cheist go minic ar cheart imeall na nGaeltachtaí a athrú[2].

Contae Ainm Daonra Céatadán a Labhairt Gaeilge
Contae Dhún na nGallAlt na Péiste18855%
Anagaire223555%
Árainn Mhór52962%
Cró Beithe16153%
An Clochán51441%
Cnoc Fola132683%
Dún Lúiche69576%
An Fál Carrach216844%
Baile na Finne31657%
Gort an Choirce159981%
An Ghrafaidh20952%
Na Gleannta 1496 44%
Gaoth Dobhair265177%
Teileann72641%
Contae Mhaigh EoEachléim92146%
Ceathrú Thaidhg37567%
Fionnaithe24844%
Contae na GaillimheOileáin Árann124781%
Bothúna96374%
Camus37590%
Carna79881%
An Cheathrú Rua229483%
Corr na Móna57345%
Na Forbacha123943%
Doire Iorrais31376%
Gleann Trasna12261%
Indreabhán136283%
Cill Chiaráin61987%
Leitir Móir87588%
Leitir Mealláin128889%
Ros an Mhíl130484%
Ros Muc55787%
An Spidéal135766%
Contae ChiarraíBaile an Fheirtéaraigh45577%
Baile na nGall50875%
Cé Bhréanainn16848%
Cinn Aird31845%
An Clochán27346%
Dún Chaoin15972%
An Fheothanach46278%
Márthain27667%
An Mhin Aird38753%
Ceann Trá41356%
Contae ChorcaíBéal Átha an Ghaorthaidh54246%
Baile Bhuirne81642%
Oileán Chléire12748%
Cúil Aodha42053%
Contae Phort LáirgeAn Rinn117651%
Contae na MíRáth Cairn40156%

An Fhí­or-Ghaeltacht

Áiteanna a thuileann stádas an Gaeltacht 2007

Gaeltacht Thír Conaill

Gaeltacht na Gaillimhe

Gaeltacht Chontae Chiarraí

Gaeltacht Chontae Chorcaí

Gaeltacht Chontae na Mí

Príomhalt: Gaeltacht na Mí

Gaeltacht na nDéise

Príomhalt: Gaeltacht na nDéise

Gaeltacht Chontae Mhaigh Eo

Gaeltachtaí neamhoifigiúla

Tugtar Gaeltachtaí Neamhoifigiúla ar cheantair nach cuid den Ghaeltacht go hoifigiúil iad, cé go bhfuil an teanga á labhairt iontu go forleathan. Tá brú ar an rialtas stádas oifigiúil a thabhairt dóibh.

Nua-Ghaeltacht

Nua-Ghaeltacht an t-ainm a thugtar ar an smaoineamh Gaeltachtaí nua a thógáil i mBÁC[3] agus i gcathracha eile sa tír d'fhonn an dteanga a athbheochan. Cé nach luaitear é sna huimhreacha thuas, tá Gaeltacht nua i Béal Feirste.

Riarachán

Is í an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta atá freagrach as polasaí an rialtais i leith na Gaeltachta, i gcomhar le heagraíochtaí amhail Údarás na Gaeltachta. Cuireann Raidió na Gaeltachta de chuid RTÉ agus TG4 seirbhísí ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus do chainteoirí Gaeilge go forleathan.

Coláistí samhraidh

Eagraítear cúrsaí Gaeilge gach bliain sna ceantair Ghaeltachta le linn an tsamhraidh. Tumoideachas Gaeilge atá i gceist, ina gcaitheann daltaí scoile roinnt sheachtainí ag foghlaim na teanga trí chúrsaí Ghaeilge agus gníomhaíochtaí eile trí mheán na Gaeilge - cluichí Gaelacha, céilithe agus ceol traidisiúnta.

Is minic go bhfanann an dalta le clann áitiúil sa Ghaeltacht le linn an chúrsa, agus teagasc á fháil acu ó bhean an tí.

Naisc sheachtracha

Comhartha tráchta Géill slí i gContae Phort Láirge in Éirinn.

Foinsí

  • Ó Tuathaigh G, Ó Laoire L L, Ua Súilleabháin (eag) 2000 Pobal na Gaeltachta a Scéal agus a Dhán, Indreabhán Conamara: Cló Iar-Chonnachta.

Tagairtí

This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.