Gaelscoil
Scoil lasmuigh de Ghaeltacht na hÉireann nó na hAlban ina n-úsáidtear Gaeilge mar mheán teagaisc í Gaelscoil, agus i bhformhór na gcásanna bíonn páistí den dá inscne ag freastal uirthi.
Buntáistí
Ós rud é gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga, foghlaimíonn na daltaí go mear agus go líofa í agus bíonn siad dátheangach laistigh de chúpla bliain. Anuas air sin, léiríonn suirbhéanna éagsúla go mbíonn caighdeán oideachais níos fearr ag daltaí na scoileanna seo ná mar a bhíonn ag formhór na scoileanna in Éirinn.[1]
Aithníonn teangeolaithe go bhfuil an dátheangachas ina bhuntáiste do pháistí, agus go gcabhraíonn sé leo a bheith níos fearr ag foghlaim teangacha.[2][3][4] Léiríonn taighde[5] gur fearr an tuiscint ag gasúir dhátheangacha ar thréithe an duine daonna ná gasúir aonteangacha => Bíonn an tuiscint ar an saol ag gasúir dhátheangacha éagsúil ón tuiscint a bhíonn ag gasúir aonteangacha
Stair
Ba é Pádraig Mac Piarais a chuir tús leis an scolaíocht dhátheangach i gColáiste Éinne lasmuigh den nGaeltacht ag tús an fichiú haois, agus bhí scoileanna lán-Ghaeilge ag feidhmiú ar fud Shaorstát Éireann agus na Poblachta ó shin i leith.
Bunaíodh eagraíocht nua, Gaelscoileanna Teo., i 1973 chun scoileanna nua a bhunú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. In ainneoin go leor deacrachtaí bunaíodh a lán scoileanna nua ar fud na hÉireann.
Bhí sé le maíomh sa bhliain 2005 go raibh gaelscolaíocht ar fáil i ngach aon chontae sa tír, nuair a bunaíodh an chéad ghaelscoil i gContae Liatroma, an t-aon chontae a raibh sí in easnamh air go dtí sin.
Scoileanna
Má chuirtear gaelscolaíocht Thuaisceart Éireann san áireamh, tá 171 bunscoil agus 7 aonaid bunscoil agus 31 meánscoil agus 17 aonaid dara leibhéal lán-Ghaelach ag feidhmiú taobh amuigh den Ghaeltacht ag deireadh 2017, le breis is 50,000 dalta. Tá breis is 13,000 dalta ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge ag an mbun agus dara-leibhéil sa Ghaeltacht freisin.[6]
Bunscoileanna is mó atá ag múineadh trí Ghaeilge ach tá fás ag teacht de réir a chéile ar líon na meánscoileanna sé sin Gaelcholáistí nó aonaid Ghaeilge mar a thugtar dóibh a n-oibríonn trí mheán na Gaeilge freisin.
Is í an eagraíocht Gaeloideachas an t-ainm nua ar Ghaelscoileanna Teo. ó 2016 a chuireann an ghaelscolaíocht chun cinn sa Phoblacht. Déanann an eagraíocht An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta nó COGG ionadaíocht agus freastal ar i bPoblacht na hÉireann freisin. Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal i bPoblacht na hÉireann.
Tuaisceart Éireann
Bunaíodh an chéad Ghaelscoil i dTuaisceart na hÉireann sna 1970idí faoin ainm Scoil Phobal Feirste i nGaeltacht Sheoige an t-aon Ghaeltacht i dTuaisceart Éireann. Tá breis is 6,000 dalta i dTuaisceart Éireann ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge anois.[7] Déanann Gaeloideachas Teo. agus Comhairle na Gaelscolaíochta freastal agus ionadaíocht ar Gluaiseacht na nGaelscoileanna i dTuaisceart Éireann.
Féach Freisin
Tagairtí
- Nuacht.com - Léamh an Bhéarla níos fearr ag daltaí Gaelscoileanna - taighde
- Comhluadar agus Máiréad Ní Chinnéide. "Ag tógaíl clainne le Gaeilgeː Treoirleabhar do thuismitheoirí". Dáta rochtana: 2021.
- "Cad é an Dátheangachas? (Comhairle do Thuismitheoirí) - béarla" (ga). vTomb. Dáta rochtana: 2021-01-16.
- cogg.ie. "Tumoideachas - bua nó dua ?". Dáta rochtana: 2021.
- Maitiú Ó Coimín. ""Leanaí dátheangacha níos tuisceanaí faoi éagsúlacht daoine eile" ...staidéar a rinne lucht taighde ón Ollscoil Concordia (a foilsíodh ar 15 Eanáir 2015)" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-16.
- "Gaelscoileanna – Irish Medium Education". Dáta rochtana: 2021-01-16.
- Líon na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh dúbailte - alt in Tuairisc, 2015-01-07, feicthe 2015-01-07