Géarchéim na Mara Rua

Thosaigh Géarchéim na Mara Rua ar 19 Deireadh Fómhair 2023 nuair a chaith na Houthi, atá lonnaithe san Éimin, diúracáin in aghaidh Iosrael. I mí na Samhna 2023 chuir na Houthi, tús le feachtas ag ionsaí longa tráchtála sa Mhuir Rua.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGéarchéim na Mara Rua
Cineálfronta
idirghabháil mhíleata Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogadht Iosrael-Hamas, luach anaithnid agus spillover of the Israel–Hamas war (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse19 Deireadh Fómhair 2023 - 
Dáta na bliana2023 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn Meánoirthear
Poblacht Éimin
An Mhuir Rua
Murascaill Áidin
Iosrael
Bab-el-Mandeb
Muir Arabach, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Meán cumarsáide
Le cuid

Feachtas

Tá tacaíocht na hIaráine ag na Houthi.[1] Tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil na Houthi, atá lonnaithe i dtuaisceart agus in iarthar Éimin (ar chósta na Mara Rua) níos bagraí agus níos trodaí ná aon ghrúpa eile a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin.

Bhí na hionsaithe dírithe ar Iosrael i bhfianaise a bhí ag tarlú i nGaza - an coimhlint Iosrael-Gaza - cé go raibh longa eile buailte ag na mílisteoirí nach le Iosrael iad. Cé go bhfuil Éimin níos mó ná 2,000 ciliméadar ó Iosrael, d’éirigh leo dróin agus diúracáin a scaoileadh le hIosrael díreach tar éis ionradh na hIosrael ar Gaza.

D’éirigh leis na Houthi báid bheaga a sheoladh chun roinnt long a ionsaí, fiú d’éirigh leo ingearán a chur san aer chun long amháin a ghabháil.[2]

Mar gheall air sin, ní raibh na longa tráchtála úsáid a bhaint as an gCanáil Shuais níos mó. Ach is bealach tábhachtach tráchtála an Mhuir Rua agus an Chanáil do chomhlachtaí lastais mar go ngiorraíonn sé an t-aistear go suntasach idir an Áise agus an Eoraip.[1]

"Operation Prosperity Guardian",[4] feachtas mí-éifeachtach

Frithionsaithe an Iarthair

Sna 2010idí, bhí longa cabhlaigh ó thart ar 30 tír lonnaithe sa cheantar mar chuid de chomhghuaillíocht idirnáisiúnta a bunaíodh chun déileáil leis na foghlaithe mara ón tSomáil. I mí Nollag 2023, tháinig cuid mhaith de na tíortha i gcomhghuaillíocht nua chun dul i ngleic leis na hionsaithe ó na Houthi. Chuir na Stáit Aontaithe agus a chomhghuaillithe "Operation Prosperity Guardian"[4] i bhfeidhm. Ach tháinig sé go solas go tapa go raibh an feachtas sin mí-éifeachtach.

Lean na reibiliúnaigh Houthi lena mbagairtí ar loingseoireacht tráchtála in ainneoin foláirimh ó na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe.[5] D'fhógair cuid mhaith de na comhlachtaí coimeádán go raibh siad chun an Chanáil a sheachaint go dtí go mbeadh an ghéarchéim thart.[6]  Chuir sé seo le costas earraí  iompórtáilte ar fud an domhain.

Le linn aimsir na Nollag bhí an chuma ar chúrsaí go raibh rudaí ag imeacht ó smacht sa Mheánoirthear. Sheol na Houthi ionsaí ollmhór eile ar longa sa Mhuir Rua le linn mí Eanáir 2024.[7][8][9]

Mar gheall air sin, thosaigh comhghuaillíocht idirnáisiúnta faoi cheannas na Stát Aontaithe ag ionsaí suíomhanna Houthi in Éimin ón aer.[2][3] Mar shampla scrios Cabhlach na Stát Aontaithe diúracáin frithloinge a líomhnaítear a bhí ag iompar trodaithe ó Éimin. Bhí hionsaithe an Iarthair dírithe ar áiseanna stórála armlóin agus córais chosanta Houthi, srl.[1] Ach bhí na Houthi in ann cur suas le hionsaithe ó aerfhórsa na hAraibe Sádaí idir 2015-2022, agus bhí ullmhúcháin déanta acu chun déileáil le cuid de na hionsaithe ón gComhghuaillíocht. Mar sin bhí siad in ann leanúint leis an mbrú ar longa sa Mhuir Rua agus ar chóras trádála an domhain.

Féach freisin

Tagairtí

  1. Nuacht RTÉ (2024-02-25). "10 gcinn de spriocanna Houthi in Éimin buailte ón aer" (as ga-IE).
  2. Máirtín Ó Duibhir (15 Eanáir 2024). "D’fhéadfadh an cogadh in Gaza scaipeadh níos forleithne an-éasca" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-25.
  3. US Central Command (22 Eanáir 2024). "U.S. Forces, Allies Conduct Joint Strikes in Yemen".
  4. "Operation Prosperity Guardian" (as en) (2024-02-25). Wikipedia.
  5. Bertie Ó hAinmhire / tuairisc.ie (14 Eanáir 2024). "‘Síleann fear na buile gurb é féin fear na céille’ – 100 lá d’ionsaithe ar Gaza" (ga-IE).
  6. mar shampla, d’fhógair an comhlacht coimeádán Maersk go raibh siad chun an chanáil a sheachaint go dtí go mbeadh an ghéarchéim thart
  7. "2024 missile strikes in Yemen" (as en) (2024-02-26). Wikipedia.
  8. "Marlin Luanda missile strike" (as en) (2024-02-24). Wikipedia.
  9. Patrick Wintour, Dan Sabbagh (2024-01-10). "Britain warns of severe consequences after Houthi attack in Red Sea repelled" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-02-26.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.