Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2023
Thosaigh géarchéim Iosrael-Palaistín, 2023 ar 3 Iúil 2023 i ndáiríre nuair a rinne Arm Iosrael ionradh ar bhaile Jenin ar an mBruach Thiar, ceann de na hionraí is mó le 20 bliain ar Bhruach Thiar na Palaistíne .[1] Bhí "Baile agus Gairdín" ("Operation Home and Garden") baiste ag na hIosraelaigh ar an ionradh ar Jenin [ar nós gur leo ó cheart críocha na bPalaistíneach].[2]
| ||||
Cineál | oibríocht mhíleata ruathar míleata aerionsaí counter-terrorist operation (en) intervention (en) | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Israeli–Palestinian conflict (en) | |||
Tréimhse | 3 - 5 Iúil 2023 | |||
Dáta na bliana | Iúil 2023 | |||
Suíomh | Jenin Refugee Camp, Stát na Palaistíne (en) , Jenin, Stát na Palaistíne (en) | |||
Tír | Stát na Palaistíne | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | Palestinian Islamic Jihad (en) | |||
Cúis | 2023-2024 wave of Palestinian terrorism (en) | |||
Cúlra
Le bliain agus tuilleadh bhí ruathair go rialta déanta ag Arm Iosrael (IDF nó Israeli Defense Forces) ar Jenin agus bhí Palaistínigh tar éis coilínigh de chuid Iosrael a ionsaí in iarracht díoltas a bhaint amach. Rinne buíonta armtha coilíneach scrios ar bhailte beaga agus gabháltais Phalaistíneacha.[1]
Níor fhacthas a leithéid ó cuireadh deire leis an Dara Éirí Amach (Intifada nó الانتفاضة الثانية, Al-Intifāḍa aṯ-Ṯhāniya) sa bhliain 2005.[3][1]
Imeachtaí
Bhí 167 Palaistíneach maraithe ag Arm Iosrael go dtí 3 Iúil i mbliana.[4] Tharla an chéad ollruathar ar Jenin ar an 23 Meitheamh 2023.[5]
Idir 1-3 Iúil, bhí deichniúr Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh in Jenin, agus bhí corradh le céad duine gafa acu agus na mílte eile curtha as a n-árais chónaithe de bharr an ruathair.
Iarmhairtí
In Éirinn, thug an Taoiseach le fios go raibh imní air faoi ghéire an fhoréigin atá an dá thaobh [Iosraelaigh agus Palaistínigh araon] a dhéanamh ar a chéile agus dúirt go gcaithfí sibhialtaigh a chosaint thar aon ní eile.[2]
Bhris Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023 amach i mí Dheireadh Fómhair.
Féach freisin
- Coimhlint Iosrael-Hamas, 2014
- Agóidí Gaza-Iosrael, 2018-2019
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2021
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022
- Cogadh Iosrael-Gaza, 2023-2024
- Pléasc in Ospidéal Al-Ahli, Gaza, 2023
- Ruathair aeir ar champa teifeach Jabalia, 2023
- Eachtra lámhaigh in Shegaia, 2023. Scaoil an IDF marbh triúr gialla ainneoin go raibh brat bán ar iompar acu agus gur ghlaoigh siad amach in Eabhrais.
- Sléacht Al-Rashid, 2024
- Ionsaí de chuid Iosrael ar World Central Kitchen, 2024
- Cinedhíothú na bPalaistíneach
- Cogadh Iosrael–Gaza agus an comhthéacs idirnáisiúnta
- Gaza (scannán 2019)
Tagairtí
- Nuacht RTÉ (2023-07-03). "Ochtar maraithe ag Iosrael i mórionsaí ar an mBruach Thiar" (as ga).
- Nuacht RTÉ (2023-07-04). "Ionradh na Iosraelach ar an mBruach Thiar cáinte i nDáil Éireann" (as ga).
- "Second Intifada" (as en) (2023-07-05). Wikipedia.
- Qassam Muaddi ــ West Bank (2023-06-19). "Biggest Israel Jenin raid in years kills five Palestinians" (en). https://www.newarab.com/. Dáta rochtana: 2023-07-04.
- "June 2023 Jenin incursion" (as en) (2023-07-03). Wikipedia.