Gé
Is ainm coitianta a thugtar ar éin uisce áirithe san fhine Anatidae é gé,[1]. Is éin mhóra iad a fheidhmíonn níos mó ar talamh ná na healaí is na lachain, agus a chuimsíonn an chuid eile den fhine.[2] Ní grúpa tacsanomaíochta iad na géanna.
Coinnítear an ghé mar éan clóis ach tá géanna fiáine ann freisin.
Tá dhá ghéineas d'fhíorghnéanna ann: Anser (na géanna liatha agus bána) agus Branta (na géanna dubha), cé nach dtugtar "gé" ar gach uile speiceas sna géinis seo; mar shampla, is é “cadhan” an gnáthainm ar Branta bernicla agus is é “néné” an t-ainm ar Branta sandvicensis. Tá na fíorghnéanna gaolta leis na healaí, a bhíonn níos mó ná iad, agus na lachain, a bhíonn níos lú.
Úsáidtear an téarma “gé” ar roinnt speiceas eile, an chuid is mó acu ón Leathsféar Theas — baill den fhofhine Tadorninae (na seil-lachain).
Speicis roghnaithe
- Fofhine Tadorninae
- Géineas Alopochen
- Gé Éigipteach — Alopochen aegyptiacus
- Géineas Chloephaga
- Gé shléibhe — Chloephaga picta
- Gé luaithcheannach — Chloephaga poliocephala
- Géineas Cyanochen
- Gé ghormeiteach Aibisíneach — Cyanochen cyanopterus
- Géineas Plectropterus (ina fhofhine féin?)
- Gé sporeiteach — Plectropterus gambensis
- Géineas Alopochen
- Fofhine Anserinae
- Géineas Anser
- Gé bhánéadanach — Anser albifrons
- Gé bhánéadanach Ghraonlannach — Anser albifrons flavirostris
- Gé ghlas — Anser anser
- Gé ghobghearr — Anser brachyrhynchus
- Mórghé shneachta — Anser caerulescens
- Mionghé shneachta — Anser caerulescens
- Gé impireach — Anser canagicus
- Gé Shíneach — Anser cygnoides forma domestica
- Mionghé bhánéadanach — Anser erythropus
- Síolghé — Anser fabalis
- Gé stríoc-cheannach — Anser indicus
- Géineas Branta
- Gé dhubh — Branta bernicla bernicla
- Gé Ailiúit — Branta canadensis
- Gé Cheanadach — Branta canadensis
- Gé giúrainn — Branta leucopsis
- Gé bhroinnrua — Branta ruficollis
- Géineas Cereopsis (nó Tadorninae?)
- Gé Thasmánach — Cereopsis novae-hollandiae
- Géineas Chenonetta (nó Tadorninae?)
- Gé mhongach — Chenonetta jubata
- Géineas Nettapus (?)
- Mionghé Afracach — Nettapus auritus
- Géineas Anser
Lachain agus géanna
Tá an lacha agus an ghé cosúil lena chéile freisin. Tá goba ag an dá cheann acu a ligeann dóibh bia difriúil a ithe. Cabhraíonn gob na lachan léi nuair a bhíonn sí ag lorg bia san uisce agus ligeann gob na gé di féar a phiocadh suas. Tá cosa scamallacha ag an lacha agus ag an ngé agus cabhraíonn siad leo bheith ag snámh.[3]
Féach freisin
Tagairtí
- "An Foclóir Beag: géanna" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-11-11.
- Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.
- agriaware.ie. "Bia ón bhfeirm". Dáta rochtana: 2023.