Frithocsaídeoir

Ábhair a mhoillíonn ocsaídiú ábhar eile a bhíonn freagrach, nuair a ocsaídítear é, as tús a chur le hailse nó damáiste eile do na fíocháin. Uaireanta, feidhmíonn an frithocsaídeoir trína bheith ocsaídithe é féin. Sa cholainn dhaonna, feidhmíonn córais áirithe einsímí mar fhrithocsaídeoirí — forocsaíd frithshóáis, is vitimíní áirithe A, C is E, mar shampla —agus úsáidtear iad chun cóireáil ar airtríteas réamatóideach is galar Parkinson, agus mar chosaint i gcoinne ailse na conaire gastraistéigí. Tá ullmhóidí einsímí ar fáil mar phiollairí chun an cothú a fhorlíonadh agus faoiseamh a thabhairt ar an athlasadh a tharlaíonn i bhfoirmeacha difriúla airtrítis. Bíonn frithocsaídeoirí i láthair i mbianna áirithe mar leasaithigh freisin. Úsáidtear an téarma go príomha maidir le breiseáin i mbia, cosúil le haigéad ascorbach.

Struchtúr an fhrithocsaídeora, glútaitión

Taighde sláinte

Gaol le réim bia

Cé go dteastaíonn leibhéil áirithe frithocsaídeoirí vitimíní sa réim bia le haghaidh dea-shláinte, bíonn díospóireacht mhór ann fós an bhfuil gníomhaíocht frith-ghalair ag bianna nó forlíontaí atá saibhir i frithocsaídeoirí. Thairis sin, má tá siad tairbheach i ndáiríre, ní fios cé na frithocsaídeoirí atá ag cothú na sláinte sa réim bia agus cé mhéid sa bhréis atá ag teastáil sa bhreis ar an iontógáil tipiciúil aiste bia. [1] [2][3] </ref>

Tagairtí

  1. Stanner SA, Hughes J, Kelly CN, Buttriss J (May 2004). "A review of the epidemiological evidence for the 'antioxidant hypothesis'". Public Health Nutrition. 7 (3): 407–22. doi:10.1079/PHN2003543. PMID 15153272.
  2. Shenkin A (February 2006). "The key role of micronutrients". Clinical Nutrition. 25 (1): 1–13. doi:10.1016/j.clnu.2005.11.006. PMID 16376462.
  3. Woodside JV, McCall D, McGartland C, Young IS (November 2005). "Micronutrients: dietary intake v. supplement use". The Proceedings of the Nutrition Society. 64 (4): 543–53. doi:10.1079/PNS2005464. PMID 16313697.<ref name="FreamhanEolais">Hussey, Matt (2011). "Frithocsaídeoirí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 290.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.