Fontenoy (úrscéal)
Is é Fontenoy an tríú húrscéal atá foilsithe ag an scríbhneoir Éireannach Liam Mac Cóil. Foilsíodh sa bhliain 2005 é, agus bhuaigh an leabhar Gradam Uí Shúilleabháin 2006. D'fhoilsigh Leabhar Breac é. Is é ISBN an leabhair ná 0-8983322-5-7.
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Liam Mac Cóil |
Teanga | Béarla |
Foilseachán | 2005 |
Seánra | úrscéal |
Eile | |
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta | 978-0-89833-225-4 |
Uimhir OCLC | 219984493 |
An scéal
Tuairisc fhicseanúil atá san úrscéal atá bunaithe ar leathanaigh chlóbhuailte i gcló Gaelach a fuarthas i seanbhosca cartlainne in Chartres na Fraince. Cuntas atá sna leathanaigh sin a scríobh príomhphearsa an scéil, an Captaen Seán Ó Raghallaigh, ar Chath Fontenoy, Tuairisig nó Tuarasgbháil ar an gCath clúmhail ris a ráidhtear Fontenoy fearadh i bhFlóndras sna Tír Íochtair san mbliadhain d'Aois ár dTighearna 1745. San úrscéal, trí eachtrú an chatha agus trí na ceisteanna a ardaítear faoi scríobh na staire, ríomhtar turas pearsanta an scríbhneora óig.
Léirmheasanna
Ina léirmheas ar an úrscéal san Irish Times (12 Samhain 2005) mhol Alan Titley an t-úrscéalaí go háirithe as a chúram, a chruinneas, agus a shoiléire.[1] Sa Limerick Leader, dúirt Tadhg Dubh Ó Cróinín, "Ceann des na húrscéalta is fearr agus is cumhachtaí dá bhfuil léite agamsa le fada. Cuimhnigí ar Luimneach! Ceannaigí Fontenoy!"
Tagairtí
- "Léirmheas Alan Titley Irish Times". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-12-12. Dáta rochtana: 2008-01-03.
Naisc sheachtracha
- Leabhar Breac: Liam Mac Cóil Curtha i gcartlann 2010-01-16 ar an Wayback Machine
- ambafrance.ie