Foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann

Is í foireann peile náisiúnta Phoblacht na hÉireann a dhéanann ionadaíocht do Phoblacht na hÉireann i gcomórtais sacair. Tá an fhoireann náisiúnta faoi stiúir Cumann Peile na hÉireann agus imrítear a gcluichí baile sa Staidiam Aviva i mBaile Átha Cliath. Is é Martin O'Neill bainisteoir reatha na foirne.

Poblacht na hÉireann
Culaith
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
As baile
CumannFAI
ComhaontasUEFA
Cód FIFA:IRL
Leasainm:The Boys in Green
Bainisteoir Stephen Kenny
An imreoir is mó a roghnaíodhRobbie Keane (146)
PríomhscórálaíRobbie Keane (68)
StaidiamStaidiam Aviva
Rangú FIFA34ú
An chéad chluiche idirnáisiúnta
Éire 1 - 0 An Bhulgáir
Colombes, An Fhrainc; 28 Bealtaine 1924
Toradh is fearr
Éire 8 - 0 Málta
Baile Átha Cliath, Éire; 16 Samhain 1983
Toradh is measa
An Bhrasaíl 7 - 0 Éire
Uberlândia, An Bhrasaíl; 27 Bealtaine 1982
Corn an Domhain
Páirteachas 3 (Céad i 1990)
Toradh is fearr Ceathrú ceannais, 1990
Craobh na hEorpa
Páirteachas 1 (Céad i 1988)
Toradh is fearr Céim grúpáilte, 1988

Cháiligh an fhoireann dá gcéad mhórchomórtas sa bhliain 1988 nuair a shroicheadar Craobh na hEorpa sa Ghearmáin. Bhí bua cáiliúil acu in aghaidh Shasana sa chomórtas seo, agus rinneadh laochra de na peileadóirí mar thoradh. Cháiligh siad do Chraobh na hEorpa arís sa bhliain 2012 agus do Chorn Sacair an Domhain sna blianta 1990, 1994 agus 2002.

Staid

Imríonn an fhoireann ag imirt a gcluichí baile sa Staidiam Aviva, áis a roinneann siad le foireann rugbaí na hÉireann. Roimhe sin, d'imir an dá fhoireann i bPáirc an Chrócaigh mar shocrú sealadach, fad agus a bhí athfhorbairt á dhéanamh ar pháirc Bhóthar Lansdún i mBaile Átha Cliath, mar a thugaí air.

Is é Staidiam Aviva ceanncheathrú an IRFU chomh maith, eagraíocht stiúrtha rugbaí in Éirinn. D'imir an fhoireann sacair a chéad chluiche sa staid seo i gcoinne na hIodáile sa bhliain 1971. Roimhe seo, bhíodh cluichí á imirt bPáirc Cnocán Uí Dhálaigh.

Stair chomórtais

Corn Sacair an Domhain

  • 1930 - Níor ghlac siad páirt
  • 1934 go 1986 - Níor cháiligh siad
  • 1990 - Cluiche ceathrúcheannais
  • 1994 - Babhta 2
  • 1998 - Níor cháiligh siad
  • 2002 - Babhta 2
  • 2006 - Níor cháiligh siad
  • 2010 - Níor cháiligh siad

Craobh na hEorpa

  • 1960 go 1984 - Níor cháiligh siad
  • 1988 - Babhta 1
  • 1992 go 2008 - Níor cháiligh siad
  • 2012 - Babhta 1

Bainisteoirí

Scórálaithe is fearr

Uimhir Ainm Ós rud é Spriocanna Cúil (Cluichí)
1. Robbie Keane 1998– 67 145
2. Niall Quinn 1986–2002 21 91
3. Frank Stapleton 1977–1990 20 71
4. Don Givens 1969–1981 19 56
John Aldridge 1986–1997 19 69
Tony Cascarino 1985–2000 19 88
7. Shane Long 2007– 17 82
8. Noel Cantwell 1953–1967 14 36
Kevin Doyle 2006–17 14 62
10. Jimmy Dunne 1930–1939 13 15
Gerry Daly 1973–1986 13 48

Iar-imreoirí cáiliúla

  • Mark Lawrenson
  • Chris Hughton
  • Kevin Sheedy
  • Terry Phelan
  • Phil Babb
  • Jason McAteer
  • Tony Galvin
  • Eoin Hand
  • Steve Heighway
  • Matt Holland

Scuaid faoi láthair

Craobhchomórtas UEFA sacair na hEorpa 2020 Scuad
Cosantóirí
Lár na páirce
Buailteoirí
  • David McGoldrick - Sheffield United
  • Callum Robinson - Sheffield United
  • Sean Maguire - Preston North End
  • Scott Hogan - Aston Villa


This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.