Foinse
Nuachtán Gaeilge ba ea Foinse. Bhí sí ar fáil i gcló agus i bhfoirm dhigiteach, ach i Mí Meán Fómhair 2013 d'fhógair an foilsitheoir Móinéar Teo. nach mbeadh fáil ar an leagan clóbhuailte i ndiaidh na míosa sin.[1] Dúradh, áfach, go leanfadh Foinse uirthi ag soláthar ábhair ar líne.
![]() | |
Cineál | nuachtán |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Ghaeilge |
Am tosaigh | 1996 ![]() |
Seoladh phoist | An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe |
Áit a fhoilsithe | An Cheathrú Rua |
Suíomh | foinse.ie ![]() |
Stair
Bhíodh an nuachtán á fhoilsiú ar an gCeathrú Rua i gConamara agus chlóbhuailtí i dTrá Lí, Co. Ciarraí, é. Foilsíodh Foinse den chéad uair sa bhliain 1996 agus dhún an t-úinéir Pádraig Ó Céitigh í sa bhliain 2009 de dheasca laghdú ar theacht isteach.[2] D'fhógair sé nach raibh sé féin agus Foras na Gaeilge ar aon intinn faoi choinníollacha conartha nua.[3][4]
- “Nuair a fógraíodh an conradh nua i mí Mhárta na bliana seo rinne Foinse iarratas le go bhféadfaí 160,000 cóip a dháileadh sa tseachtain in áit timpeall 5,000. Níor ghlac an Foras leis an bplean gnó seo agus thairg siad conradh ceithre bliana do Foinse bunaithe ar an struchtúr dáiliúcháin a bhí ann go dtí sin. Ní raibh Foinse ábalta riachtanais an chonartha nua a chomhlíonadh".[5]
Tosaíodh á foilsiú arís sa bhliain 2009 agus gan baint ag Foras na Gaeilge le cúrsaí dáileacháin.[6] Bhí sí á scaipeadh saor in aisce leis an Irish Independent.[7]
Is é an t-ábhar atá le fáil in Foinse scéalta Gaeilge agus Gaeltachta, cúrsaí reatha, spóirt, taistil, gnó agus oideachais agus cultúir.
Tagairtí
- 'Deireadh ré don nuachtán Foinse,' Gaelport.ie, 10 Meán Fómhair 2013: http://www.gaelport.com/nuacht/Deireadh-re-do-Foinse/ Curtha i gcartlann 2015-06-20 ar an Wayback Machine.
- Nuacht RTÉ (2009-06-25). "Foinse newspaper to close over funding" (as en).
- Foinse newspaper to close over funding, on RTE News
- BBC News
- andrumamornuacht.blogspot.com. "Blogger". accounts.google.com. Dáta rochtana: 2023-10-24.
- {http://www.foinse.ie/english-irish-language-newspaper-news-ireland/about-foinseie-irish-language-newspaper Curtha i gcartlann 2014-04-10 ar an Wayback Machine
- Suíomh Foinse