Flann mac Conaing
Rí Bhreá de chlann Uí Chonaing as Cnóbha, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Flan mac Conaing (bás 868). Bhí sé i réim ón mbliain 851 go dtí 868.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 868 |
Ríthe Bhreá | |
Teaghlach | |
Páiste | Gormlaith ingen Flann mac Conaing |
Athair | Conaing mac Flainn agus iníon anaithnid (?) |
Siblín | Cináed mac Conaing |
An mac is óige le Conaing mac Flainn ba ea Flann. Tháinig sé i gcomharbacht ar a dheartháir, Cináed, maraithe de bháite ag Ardrí na hÉireann, Maol Seachnaill mac Maoil Rúnaí, agus Tiarnach mac Fógartaigh, a chéile comhraic as Loch Gabhair[1]
Chun a dheartháir a chúiteamh, rinne Flann comhaontas sa bhliain 860 le hAodh Fionnliath mac Neill as Aileach, rídhamhna na Teamhrach. Sa bhliain 862, rinne sé creach ar Ríocht na Mí i dteannta le hAodh agus riga Gall.[2]
Bhailigh Flann, ar a glaodh anois rí Brega uile, fir Bhreá, na Laigean agus na ngall as Cill Ó nDaighre, arm 5,000 fear, in éadan a iar-chomhghuaillí Aodh Fionnliath, nach raibh ach 1,000 fear aige, ina measc Chonchúr mac Taidhg Mhóir, rí na gConnacht.
Troideadh an cath:
“ |
... co díocra dúthrachtach etorra, & ro mheabhaidh[3] fo dheoidh tria neart iomghona,[4] & iomaireacc[5] for Fhiora Bregh, for Laighnibh, & for Gallaibh, & ro cuireadh a n-ár, & torchradar sochaidhe mhór do Gallaibh isin c-cath sin. |
” |
Maraíodh Flann; Diarmaid mac Eidirscéil, rí Loch Gabhair; agus Carlus mac Amhlaoibh Chonong, rí na nGall. Maraíodh ar an taobh eile Fachtna mac Maol Dúin, rídhamhna an Tuaiscirt.[6][7]
Tagairtí
- Annála Uladh, AU 851.2
- AU 862.2
- maidid, buaigh, bris, ar eDIL
- imm-goin, cogadh a chur, goin, ar eDIL
- immairecc, immairg, coimhlint, cath, ar eDIL
- Annála na gCeithre Máistrí, ACM 866.9 (recte 868)
- Francis John Byrne, Irish Kings and High Kings. Four Courts Press, Baile Átha Cliath 2001, ll. 265-266. ISBN 1851821961