Fiuchphointe
An teocht ag a bhfanann an teocht tairiseach nuair a chuirtear teas le leacht, in ionad ardú, agus a n-athraíonn leacht íon ina ghás nó ina ghal, ach an brú sa timpeallacht a choimeád tairiseach. Le bheith foirmiúil, is é an leáphointe an teocht ag a mbíonn brú ghal an leachta cothrom leis an mbrú seachtrach air. Laghdaíonn an fiuchphointe de réir mar a mhéadaíonn an airde, de bhrí go laghdaíonn an brú seachtrach ansin. Mar shampla, fiuchann uisce ag 100 °C, a fhiuchphointe ag gnáthbhrú an atmaisféir. Ag an teocht chéanna comhdhlúthaíonn an ghal sin ina leacht arís nuair a bhaintear teas uaidh.[1]
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Fiuchphointe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 275.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.