Ficheall
Is cluiche cláir í an fhicheall, ceaptha do bheirt imreoir, ar a dtugtar Bán agus Dubh, ag rialú arm de phíosaí fichille, leis an gcuspóir an ceann is fearr a fháil (marbhsháinn ) ar rí a chéile comhraic. Uaireanta tugtar ficheall idirnáisiúnta nó ficheall an Iarthair ar an gcluiche chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus cluichí gaolmhara ar nós xiangqi (ficheall na Síne) agus shogi (ficheall na Seapáine). Téann stair taifeadta na fichille ar ais ar a laghad go dtí teacht chun cinn cluiche den chineál céanna, chaturanga, san India sa seachtú haois. Tháinig rialacha na fichille mar a thugtar orthu inniu chun cinn san Eoraip ag deireadh an 15ú haois, le caighdeánú agus glacadh uilíoch faoi dheireadh an 19ú haois. Sa lá atá inniu ann, tá ficheall ar cheann de na cluichí is mó tóir ar domhan a imríonn na milliúin daoine ar fud an domhain.
Sampla de | sequential game (en) , spórt intinne agus spórt aonair |
---|---|
Íoslíon imreoirí | 2 |
Líon uasta na n-imreoirí | 2, 3 agus 4 |
Seánra | cluiche síceolaíoch agus cluiche straitéise teibí |
Tuilleadh eolais | |
BoardGameGeek | 171 |
Is cluiche straitéise teibí í an fhicheall nach bhfuil aon fhaisnéis i bhfolach ná aon eilimintí seans ann. go mbaineann aon eolas i bhfolach agus aon ghnéithe de sheansann. Imrítear an cluiche ar chlár fichille le 64 cearnóg eagraithe in eangach 8×8. Ag an tús, rialaíonn gach imreoir sé phíosa déag: rí amháin, banríon amháin, dhá chaiseal, dhá easpag, dhá ridire, agus ocht gceithearnach. Gluaiseann Bán ar dtús, agus Dubh ina dhiaidh. Bíonn an cluiche buaite nuair a chuirtear rí an chéile comhraic i sáinn, .i. é a bhagairt le gabháil dhosheachanta. Tá roinnt bealaí ann freisin ar féidir le cluiche a chríochnú ar comhscór.
Cur síos ar an gcluiche
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Staid na bhfichillíní ag tús an chluiche |
Imrítear ficheall ar bhord seicear a mbíonn 64 cearnóg (8 x 8) ann. Tá dath bán nó dubh ar na cearnóga, agus an dath céanna ar gach dara cearnóg.
Leagtar an clár anuas idir an dá imreoir ionas go bhfuil cearnóg gheal sa chúinne íochtarach ar dheis acu beirt. Ansin socraítear na píosaí ina n‑áit mar a léirítear sa léaráid ar dheis.
Tosaíonn gach imreoir le sé bhall déag san iomlán. Is ionann ball agus píosa. Déantar na baill a bhaineann le gach imreoir a aithint de réir datha. Tagraítear do na baill le dath níos éadroime mar "bán," agus an t‑imreoir ar leo iad, "An bán". Tugtar "dubh" ar na baill le dath níos dorcha agus an t-imreoir ar leo iad, "An dubh". Tá trí bhrí ag an bhfocal “ball”, ag brath ar an gcomhthéacs. Ba cheart go ndéanfadh an comhthéacs an bhrí atá beartaithe soiléir.
- D'fhéadfadh sé go gciallódh sé aon chuid de bhaill na sraithe, lena n-áirítear na ceithearnaigh. Nuair a úsáidtear é ar an mbealach seo, is ionann "ball" agus "fichille", nó go díreach, "fear fichille" nó "fichillín".
- Ag imirt, is iondúil go n-úsáidtear an téarma chun ceithearnach a eisiamh, ag tagairt do bhanríon, do chaiseal, d'easpag, do ridire nó do rí amháin. Sa chomhthéacs seo, is féidir na baill a mhiondealú ina dtrí ghrúpa: na príomh-bhaill (banríon agus caiseal), ball beag (easpag agus ridire), agus an rí.
- I bhfrásaí ar nós “ball a bhuachan”, “ball a chailleadh” nó “ball a thabhairt suas”, ní bhaineann sé ach le heaspag nó le ridire.
Tugtar ranganna ar na sraitheanna a théann go cothrománach ón taobh clé go dtí an taobh deas den chlár. Uimhrítear iad ó 1 go dtí 8 ón taobh bán amach.
Tugtar treasa ar na sraitheanna a théann suas agus anuas an clár go hingearach. Ainmnítear iad de réir na litreacha a go h.
Ainmnítear gach aon chearnóg de réir litir a treasa agus uimhir a ranga. Mar shampla, ag tús an chluiche, seasann an bhanríon bhán ar chearnóg d1, agus seasann an bhanríon dhubh ar chearnóg d8.
Cuirtear síos ar bheart (bogadh fichillín) de réir an chearnóg óna dtosaítear é agus an chearnóg ar a gcríochnaítear é.
Rialacha na Fichille
Ainm | Litir | Pictiúr |
---|---|---|
An Ceithearnach | . | |
An Ridire | D | |
An t-Easpag | E | |
An Caiseal | C | |
An Bhanríon | B | |
An Rí | R | |
Sa chéad chomhthéacs, tosaíonn gach ceann den bheirt imreoir leis na sé bhall déag seo a leanas i gcluiche caighdeánach:
Is le himreoir na mball bán an chéad bhogadh i gcónaí. Taispeánann an pictiúr tús an chluiche. Bíonn cearnóg dhubh ar an taobh clé is cóngaraí de na himreoirí i gcónaí. Tosaíonn an bhanríon bhán ar chearnóg bhán agus tosaíonn an bhanríon dhubh ar chearnóg dhubh.
Forordaíonn rialacha na fichille na cineálacha gluaiseachta is féidir le himreoir a dhéanamh le gach cineál fear fichille. Gluaiseann gach cineál ball ar bhealach difriúil. Le linn an chluiche, glacann siad sealaíocht ar a chéile ag bogadh baill.
An Rí
Is é an rí an fear is tábhachtaí. Cailltear an cluiche nuair a chailltear an rí. Bogann an rí cearnóg amháin i dtreo ar bith (go cothrománach, go hingearach nó ar fiar). Níl cead ag an rí dul go dtí cearnóg atá faoi ionsaí ag fear den dath eile. Tá cearnóg faoi ionsaí más féidir le fear bogadh ann ar an gcéad imirt eile. Nuair a bhogtar an rí go cearnóg ina bhfuil sé i sáinn de dhearmad ag imreoir, deirtear go bhfuil an bogadh san mídhleathach. Sa chás sin, tá ar an imreoir an bogadh a thógáil ar ais agus bogadh dleathach a imirt ina áit. Má bhogann an rí go dleathach chun cearnóige ina bhfuil fear eile, tá an fear sin gafa. Ní féidir le rí an rí eile a ghabháil am ar bith, áfach, toisc go mbeadh air bheith ar chearnóg díreach in aice leis an rí eile roimhe sin, áit nach féidir leis bogadh go dleathach, nó chuirfí i sáinn é.
Má tá cearnóg an rí faoi ionsaí, deirtear go bhfuil an rí "sáinnithe". Muna bhfuil an rí in ann an sáinniú a bhriseadh, tá sé "marbhsháinnithe" agus tá an cluiche thart. Briseadh an sáinniú tar éis:-
- an rí a bhogadh go dtí cearnóg nach bhfuil faoi ionsaí
- fir a chur idir an rí agus an fear atá á ionsaí
- an fhir atá á ionsaí a ghabháil
An Bhanríon
Bogann an bhanríon i líne dhíreach chomh fada agus is mian léi. Is féidir léi dul i ngach treo (go cothrománach, go hingearach nó fiarthrasna). Ní féidir léi léim thar fhear eile.
An Caiseal
Bogann an caiseal i líne dhíreach chomh fada agus is mian leis. Is féidir leis dul go cothrománach nó go hingireach. Ní féidir leis léim thar fhear eile.
An tEaspag
Is ar fiar a théann an t-easpag. Ní féidir leis léim thar fhear eile.
An Ridire
Sé an ridire an t-aon fhear atá in ann léim thar fir eile. Téann an ridire go díreach ón gcearnóg ina bhfuil sé go dtí cearnóg dhá chearnóg i dtreo cothrómánach agus cearnóg amháin i dtreo ingireach, nó go dtí cearnóg dhá chearnóg i dtreo ingireach agus cearnóg amháin i dtreo cothrománach.
An Ceithearnach
Ní féidir leis an gceithearnach bogadh ach go dtí na cearnóga atá díreach chun tosaigh uaidh, mura bhfuil gabháil á déanamh aige, agus sa chás sin, bogann sé cearnóg amháin ar fiar chun tosaigh go cearnóg an fhir eile atá gafa aige dá réir. Ar an gcéad bhogadh a dhéanann sé, más bogadh díreach chun tosaigh é, is féidir leis dul cearnóg amháin nó dhá chearnóg sa treo sin, ceachtar acu de réir a bhfuil ar intinn an imreora, ach an chuid eile den am, ní féidir leis bogadh ach cearnóg amháin. Ní féidir le ceithearnach dul go cearnóg dhíreach chun tosaigh ina bhfuil aon fhear eile am ar bith agus ní féidir leis léim thar fhear eile am ar bith. Agus an taobh eile den chlár bainte amach ag ceithearnach, is féidir banríon, caiseal, ridire nó easpag a dhéanamh de.
Gabháil na bhfear
Má bhogann an rí, an bhanríon, an caiseal, an ridire nó an t-easpag go dtí cearnóg ina bhfuil fear an imeartha chéile, gabhtar an fear sin. Bogann an ceithearnach go hingearach ach is ar fiar a ghabhann sé.
Caisliú
Beart ar leith chun an rí a chosaint is ea an beart ar a dtugtar an caisliú. 'Sé an t-aon bheart amháin ina bhfuil imreoir in ann dhá fhear a bhogadh ag an am céanna. Má tá an rí fós ar a phointe imeachta is féidir leis caisliú le chaiseal atá fós ar a phointe imeachta freisin. Bogann an rí dhá chearnóg i dtreo an chaisil agus léimeann an caiseal thar an rí go dtí an chearnóg in aice leis. Tá roinnt rialacha ag baint leis. Ni féidir caisliú:
- má bhog an rí roimhe sin
- ma bhog an chaiseal (atá ag iarraidh caisliú) roimhe sin
- má tá an rí "sáinnithe"
- má tá fear idir an rí agus an chearnóg
- má tá an rí ag dul thar cearnóg atá faoi ionsaí
- má tá an rí ag dul go dtí cearnóg atá faoi ionsaí
"En passant" (dul thart)
Tar éis ceithearnaigh a bhogadh dhá chearnóg, má tá ceithearnach an chéile imeartha ar chearnóg in aice leis, is féidir le ceithearnach an chéile imeartha an ceithearnach a ghabháil ar an gcéad imirt eile. Téann an gabhálaí ar fiar chun colúin an cheithearnaigh eile agus tógtar an ceithearnach eile den mbórd.
Leamhsháinniú
Más le himreoir an imirt, muna bhfuil rí sáinnithe aige agus muna bhfuil bogadh dlíthiúil aige, deirtear go bhfuil sé "leamhsáinnithe", agus críochnaíonn an cluiche gan bhuaiteoir.
Comhscór
Bíonn an bua ag imreoir tar éis a chéile imeartha a mharbhsháinniú ach is minic a éiríonn imreoir as an gcluiche nuair a cheapann sé nach bhfuil seans aige.
Is féidir cluiche a chríochnú mar chomhscór
- má shocraíonn na himreoirí air. Níl cead ag imreoir comhscór a thairiscint ach díreach tar éis fear a bhogadh
- i gcás léamhsháinnithe (féach suas)
- muna bhfuil na fir atá fágtha ar an mbórd in ann marbhsháinniú a dhéanamh in aon chor. Mar shampla - rí v rí, rí agus easpag v rí, rí agus ridire v rí, rí agus easpag v rí agus easpag (má tá na heaspaig ar chearnóga den dath céanna)
- má tharlaíonn an staid chéanna ar an mbórd trí huaire, is féidir le himreoir comhscór a éileamh
- is féidir le himreoir comhscór a éileamh tar éis 50 bogadh bheith déanta i ndiaidh a chéile (idir bhán agus dhubh) gan aon bhogadh ceithearnaigh san áireamh agus gan aon fhear bheith gafa
Samplaí
Marbhsháinniú
|
Sáinniú
|
Leamhsháinniú
|
Imreoirí Cáiliúla
Curaidh Domhanda neamhoifigiúla (réamh-1886)[1]
- Francois-Andre Philidor, 1747-1795, An Fhrainc
- Louis De La Bourdonnais, 1820-1840, An Fhrainc
- Howard Staunton, 1843-1851, Sasana
- Adolf Anderssen, 1851-1858, 1862-1866, An Ghearmáin
- Paul Morphy, 1858-1862, Na Stáit Aontaithe
- Wilhelm Steinitz, 1866-1878, An Ostair
- Johannes Zukertort, 1879-1886, An Pholainn
An Chraobh Dhomhanda
Na Curaidh Domhanda (gan agó)
- Wilhelm Steinitz, 1886–1894, An Ostair, Na Stáit Aontaithe
- Emanuel Lasker, 1894–1921, An Ghearmáin
- José Raúl Capablanca, 1921–1927, Cúba
- Alexander Alekhine, 1927–1935, An Rúis/An Fhrainc
- Max Euwe, 1935-1937, An Ísiltír
- Alexander Alekhine, 1937–1946, An Fhrainc
- Mikhail Botvinnik, 1948–1957, APSS
- Vasily Smyslov, 1957–1958, APSS
- Mikhail Botvinnik, 1958–1960, APSS
- Mikhail Tal, 1960–1961, APSS
- Mikhail Botvinnik, 1961–1963, APSS
- Tigran Petrosian, 1963–1969, APSS
- Boris Spassky, 1969–1972, APSS
- Robert James Fischer, 1972–1975, Na Stáit Aontaithe
- Anatoly Karpov, 1975–1985, APSS
- Garry Kasparov, 1985–1993, APSS/An Rúis
D'fhág Kasparov FIDE sa bhliain 1993 agus chuir sé eagrú fichille nua ar bun, an PCA. Bhí dhá chraobh dhomhanda ó 1993 go dtí gur bhuaigh Kramnik (an curadh clasaiceach) ar Topalov (an curadh FIDE) i gcluiche in Elista,An Rúis, sa bhliain 2006.
- Vladimir Kramnik, 2006–2007 An Rúis
- Viswanathan Anand, 2007–2013 An India
- Magnus Carlsen, 2013-2023 An Iorua
- Ding Liren, 2023- An t-Sín
Na Curaidh Domhanda Clasaiceacha
- Garry Kasparov, 1993–2000, An Rúis
- Vladimir Kramnik, 2000–2007 An Rúis
Na Curaidh Domhanda FIDE
- Anatoly Karpov, 1993–1999, An Rúis
- Alexander Khalifman, 1999–2000, An Rúis
- Viswanathan Anand, 2000–2002, An India
- Ruslan Ponomariov, 2002–2004, An Úcráin
- Rustam Kasimdzhanov, 2004–2005, An Úisbéiceastáin
- Veselin Topalov, 2005–2006, An Bhulgáir
Imreoirí Cáiliúila Eile
- Is í Judit Polgar an imreoir mná is láidre riamh