Feargna mac Aonghasa Iobhdaigh
Rí na nUladh den Dál Fiatach ba ea Feargna mac Aonghasa Iobhdaigh (Sean-Ghaeilge Fergnae mac Óengusso Ibdaig[1]) (bás 557). Nia Mhuireadaigh Mhuindheirg mhic Fhorga (bás 489) ba ea é, agus garmhac Fhorga mhic Dhalláin, iar-ríthe uile.[2][3][4]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | c. 557 |
Tháinig sé i gcoróin mar rí Dhál Fiatach sa bhliain 532. Tháinig sé i gcomharbacht ar Eochaidh mac Connla den Dál nAraidi mar rí Ulad sa bhliain 552, agus bhí sé i réim go dtí 556.[5]
Maraíodh é i gCath Druim Cleithe (Cill Chléithe, Contae an Dúin) ag a Cill ceathrar, Deamán mac Cairill (bás 572), tacaithe ag Uí Echach nÁrda, géag eile den Dál Fiatach.[6][7][8] Mar thoradh an chatha seo, caitheadh a mhuintir Uí Ibdaig amach as an ríogacht.
Tugtar cialla éagsúla ar an ainm, Iobhdach, Uí Ibdaig. Molann roinnt gur ainm mháthair athair Feargna é,[9] ach de réir eile, is leasainm a athair é, as Inse Ghaill, sinsear eapainmneach Chineál Aonghasa as Ìle.[10]
Foinsí
- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath : Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Fraser, James E. (2009). "From Caledonia to Pictland: Scotland to 795" 1. Dún Éadain: Edinburgh University Press.
- Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
- Dáibhí Ó Cróinín (2005), A New History of Ireland, Imleabhar 1, Oxford: Oxford University Press
Tagairtí
- ibdaig, eorna Inse Ghaill, ar eDIL
- Byrne, Tábla 6
- Charles-Edwards, aguisín XXI
- Mac Niocaill, lch. 74
- Sa Leabhar Laighneach, tá réimse 5 bliana aige; sa Sioncronachtaí Laud, 3 bliana.
- Annála Uladh, AU 557.1
- Annála Tiarnaigh, AT 556.2
- De réir Uí Chróinín, ll. 216-217 tharla an cath sa bhliain 533.
- Charles-Edwards, lch. 624
- Fraser, ll. 159–160.