Fear
Is duine fásta fireann é fear, i gcontrárthacht le duine fásta baineann, ar a dtugtar "bean". Is é an focal is minicí a thugtar ar dhuine óg fireann ná buachaill.
Comharthaí sóirt
- Is dual don fhear i bhfad níos mó clúimh a bheith ar a chorp ná ar chorp na mná. Go háirithe, bíonn clúmh ag fás ar aghaidh an fhir freisin, nó féasóg.
- Ón taobh eile de, is minicí don fhear folt gruaige a chinn a chailleadh agus é ag dul anonn san aois.
- Bíonn an fear ar meán níos láidre agus níos airde ná an bhean.
- Is iad baill ghiniúna infheicthe an fhir ná an bod agus na magairlí. Sna magairlí a tháirgeann sé a chuid síl, agus é ag sá an bhoid isteach i bhfaighin na mná le linn na comhriachtana leis an síol a scaoileadh.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.