Feamainn
Glaoitear "feamainn" ar réimse leathan algaí móra. Tá trí chineál dathanna ann: glas, dearg agus donn.[1]
![](../I/Seaweed_600.jpg.webp)
Úsáid
![](../I/Seaweed_Salad_(4052214994).jpg.webp)
Úsáidimid algaí ar bhealaí éagsúla. Tá roinnt úsáideanna neamhghnácha ag baint leis an bhfeamainn,
Bia
Itear feamainn go háirithe san Áise Thoir.
D'itheadar feamainn in Éirinn, go formhór i rith an Ghorta Mhóir, agus mar gheall air sin bhí ceangal idir feamainn agus bochtanas i meon an phobail.[2]
In uachtar reoite a dhéantar i monarchana, tá algaí leis chun go mbeidh sé mín[3]. Tá saghsanna áirithe algaí i dtaos fiacla, cáis, iógart, creathán bainne agus a lán rudaí eile a úsáidimid go laethúil.
Talmhaíocht
![](../I/Beach_at_Port_na_Feamainn_-_geograph.org.uk_-_302462.jpg.webp)
Úsáidtear an fheamainn mar leasachán don talamh le fada an lá anseo in Éirinn.[2] Cuirtear faoin talamh é.[4] "An talamh a fheamnú" a deirtear.
Anois úsáidtear an fheamainn chun leasachán eile a chruthú; is leasachán nádúrtha é.[5]
Smideadh
Tá comhlacht "Celtic Seaweed Baths" ag cur folcadh feamainne ar fáil.[6]
![](../I/Seaweed_accumulation_-_geograph.org.uk_-_1461213.jpg.webp)
Tagairtí
- "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-10-07. Dáta rochtana: 2009-12-31.
- "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-11-21. Dáta rochtana: 2009-12-31.
- Eureka 12.32 COGG http://www.cogg.ie/wp-content/uploads/Eureka_Irish_12.32.pdf
- "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-02-04. Dáta rochtana: 2009-12-31.
- "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-10-09. Dáta rochtana: 2009-12-31.
- http://www.beo.ie/index.php?archive_id=921&page=archive_content%5B%5D (as Gaeilge)
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |