Feachtas Gallipoli
Bhí Feachtas Gallipoli ar na cathanna ba mhó agus ab fhíochmhaire i rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda. D'ionsaigh fórsaí na Breataine, na Fraince agus fórsaí nuachruthaithe na hAstráile agus na Nua-Shéalainne (ANZAC), srl. an Impireacht Ottoman ag leithinis Gallipoli san Dardainéil.[1] Lean an cogáoicht ó 25 Aibreán 1915 go 9 Eanáir 1916.
Middle Eastern theater of World War I (en) | |
---|---|
Cineál | feachtas míleata agus ionsaí míleata |
Dáta | 9 Eanáir 1916 |
Comhordanáidí | 40.2375°N 26.2775°E |
Áit | Gallipoli |
Tír | an Impireacht Otamánach |
Rannpháirtithe | Impireacht na Breataine, Troisième République, Impireacht na Gearmáine, an Impireacht Otamánach, Impireacht na Rúise, An Ostair-Ungáir, Ian Standish Monteith Hamilton (en) , Horatio Kitchener, John de Robeck (en) , William Birdwood, 1st Baron Birdwood (en) , Winston Churchill, Henri Gouraud (en) , Maurice Bailloud (en) , Otto Liman von Sanders (en) , Enver Pasha (en) , Mehmet Esat Bülkat, Cevat Çobanlı, Mustafa Kemal Atatürk, Wehib Pasha, Sarkis Torossian (en) , Réimeas Briotanach agus French West Africa (en) |
Ar deireadh, tar éis 8 mí de chogaíocht, cuireadh an ruaig ar fhórsaí na gComhghuaillithe. Bhí an-chuid taismeach ar an dá thaobh agus fuair thart ar leathmhilliún bás.[2]
Cúlra
Ar 19 Feabhra 1915 d'ionsaigh fórsaí na Ríochta Aontaithe Caolas na Dardainéile, agus iad ag iarraidh Iostanbúl a bhaint amach trí Leithinis Gallipoli. Theip ar longa na Breataine briseadh tríd an gcaolas. Chinn na Briotanaigh mar sin ar thrúpaí a chur i dtír.
Bhí dhá mhóraidhm straitéiseacha leis an bhfeachtas san Dardainéilː[3]
- An chéad aidhm ná an Impireacht Otamánach a chur ó mhaith trí Chathair Chonstaintín nó Iostánbúl a ghabháil, agus iachall a chur ar na Gearmánaigh saighdiúirí agus ábhar cogaidh a bhogadh ón bhFrainc go dtí an fronta nua.
- An dara haidhm ná bealach a oscailt isteach go dtí Impireacht na Rúise chun go bhféadfaí ábhar cogaidh agus eile a sheoladh ina treo agus faoiseamh a thabhairt di. Bhí Impireacht na Rúise iata isteach ag cabhlach an Kaiser i Muir Bhailt agus ag na hOtamánaigh sa Mhuir Dhubh.
Cogaíocht
Bhí Rannán a Naoi Déag ar garastún i nGallipoli agus Mustafa Kemal Atatürk i lár an aonaigh dá bharr. Nuair a tháinig fórsaí na hAstráile agus na Nua-Shéalainnee (ANZAC - "Australian and New Zealand Army Corps") i dtír ar 25 Aibreán 1915 san áit a bhfuil "ANZAC Cove" uirthi inniu, bhí fórsaí na Tuirce rompu, le Kemal Atatürk i mbun. Bhí na "Anzacs" faoi léigear.
Spreag Mustafa Kemal a chuid saighdiúirí leis na focail seo:
- Ordaím daoibh cath a chur, ordaím daoibh bás a fháil. Ag fáil bháis dúinn tabharfaimid deis do shaighdiúirí agus do cheannasaithe eile teacht sa bhearna bhaoil.
Le teacht na hoíche bhí dhá mhíle Anzac marbh agus iad ag iarraidh teannta a gcos a choinneáil ar an gcladach. Bhí siad sáinnithe ar an trá go ceann dhá sheachtain eile agus maraíodh duine as gach triúr.
I ndeireadh na dála, teip a bhí i bhfeachtas an Entente in Gallipoli in aghaidh Impireacht na Tuirce. i ndiaidh deich mí troda, thug siad a gcuid saighdiúirí leo ón Leithinis. Tháinig an feachtas chun críche ar an 9 Eanáir 1916, nuair d'fhág na fórsaí deiridh an leithinis. Gallipoli. B'é an cúlú an chuid ba éifeachtaí den bhfeachtas airm a thosaigh ar an 25ú Aibreán 1915.[3]
Saighdiúirí Éireannacha
Bhí
- Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath,
- Fiúsailéirí Ríoga na Mumhan,
- Fiúsailéirí Ríoga Inniskilling agus
- an 10ú Rannán (Éireannach)
i measc na n-aonad de chuid Arm na Breataine a throid ag Gallipoli.
Cé nárbh Éireannaigh iad na saighdiúirí go léir sna haonaid sin, meastar go raibh ar a laghad 3,500 fear ó gach cearn d'oileán na hÉireann ina measc siúd a maraíodh agus gur baineadh gortú do roinnt mílte Éireannach eile le linn an fheachtais.[4]
Tháinig cuid mhaith Éireannach den chéad ghlúin i dtír i Gallipoli mar bhaill de d'fhórsaí na hAstráile agus na Nua-Shéalainne agus bhásaigh siad ann.
Ag an reilig ag V-Beach (Cape Helle),cuireadh cuid mhaith de mhuintir na hÉireann a maraíodh agus iad ag teacht i dtír.[5]
Anailís
Bhí an coinceap stráitéise slán, ach bhí an cur i bhfeidhm lag.[3]
Dúirt Michael D. Higgins sa bhliain 2015, "Ba cheart dúinn a admháil gur ordaíodh do na fir sin bás agus fulaingt a imirt, agus iad mar chuid d’fhórsa ionsaitheach míchinniúnach a cruthaíodh gan mhachnamh ceart: thit saighdiúirí na Tuirce ina mílte agus iad ag cosaint a dtíre dúchais, agus cailleadh i bhfad níos mó díobh ná a cailleadh de na Comhghuaillithe... b’fhéidir go raibh rud éigin i bhfeachtas ionsaitheach Gallipoli, agus ina chur i gcrích anacrach, a léirítear mar eachtra nach bhfuil de chúiteamh ann ach an t-aiféala, an fearg agus, b’fhéidir, admháil na ciontachta óna húdair."[6]
Tagairtí
- Is caolas a ceangail an Mhuir Aeigéach go dtí Muir Mharmara í an Dardainéil. Is suite í sa Tuirc.
- centenaries.ucd.ie (2016). "UCD Decade of Centenaries". Dáta rochtana: 2019.
- Criostoir Mac Amhlaoimh (Iúil 2015). "Gallipoli / Cartlann Feasta" (ga-IE). Feasta 68 (7), 12-13.. Dáta rochtana: 2022-01-09.
- Department of Foreign Affairs. "Comóradh Fheachtas Gallipoli - An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2019-04-25.
- Office of the President of Ireland. "News President To Attend Ww1 Commemorations In Turkey Gallipoli And Visit Irish" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2019-04-25.
- Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2019-04-25.